Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-saol-agus-saothar-mhairtin-ui-chadhain-le-ple-ag-comhdhail-ar-line-inniu

Saol agus saothar Mháirtín Uí Chadháin le plé ag comhdháil ar líne inniu

| Tuairisc.ie |

Pléifear saol agus saothar mhórúdar na Gaeilge, Mairtín Ó Cadhain ag comhdháil lae a bheas á reáchtáil ar líne inniu, Dé hAoine, an 20 Samhain.

Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bheas i mbun na hócáide, atá á heagrú mar chuid d’imeachtaí comórtha 50 bliain ó bhásaigh an scríbhneoir.

Pléifear téamaí agus gnéithe éagsúla de shaothar Uí Chadhain le linn na gcainteanna a bheas á sruthú beo ar líne.

I measc na ndaoine a bheas i mbun cainte, tá an tOllamh agus údar Alan Titley, a d’aistrigh leaganacha Béarla d’úrscéalta Uí Chadhain, Cré na Cille (The Dirty Dust) agus Fuíoll Fuine, (The Dregs of the Day) agus Radvan Markus, an Seiceach aitheanta ar bronnadh mórgradam liteartha air mar gheall ar an aistriúchán Seicise a rinne sé ar Cré na Cille.

Téamaí éagsúla i saothar an Chadhnaigh, Cré na Cille, a bheas faoi chaibidil ag Radvan Markus, leitheidí grá, aicmí sóisialta agus coimhlint. Déanfaidh an Titlíoch plé ar na dúshláin éagsúla a bhain le haistriúchán a dhéanamh ar úscéalta an Chadhnaigh.

Beidh cainteanna ann chomh maith a dhíreoidh ar luathshaothar an Chadhnaigh agus ar shaothar neamhfhoilsithe an údair atá i leabharlanna agus cartlanna éagsúla. Mícheál Briody agus Caitlín Nic Íomhair a bheas i mbun na gcainteanna sin. Téamaí an bháis agus na beatha a bheas faoi chaibidil ag Ian Ó Caoimh.

Díreoidh an Dr Colm Ó Cuaig agus Dr Charles Dillon ó Acadamh Ríoga na hÉireann ar an saothar toirtiúil foclóireachta a d’fhág Máirtín Ó Cadhain ina dhiaidh ina gcur i láthair siúd.

‘Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta’ is teideal don chaint a bheas á tabhairt ag an Ollamh le Gaeilge, Máirín Nic Eoin, agus beidh caint dár teideal ‘An tOlc Bunaidh: Titim an Duine’ á cur i láthair ag an Ollamh Máire Ní Annracháin.

Ag 3.30pm, i ndiaidh na gcainteanna ar fad, seolfaidh an tOllamh agus údar Gearóid Denvir leabhar nua Cumadóireacht Uí Chadhain a chuir Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin in eagar agus a d’fhoilsigh Leabhar Breac.

Deirtear go bhfuil fearadh na fáilte roimh chách cluas a thabhairt le héisteacht leis na cainteanna ar fad a bheas á sruthú ar shuíomh na hOllscoile anseo.

Tá clár ‘Comhdháil: Máirtín Ó Cadhain 2020’ ar fáil anseo.

Níos mó