Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dean-fein-e:-maisiuchain-nollag

Déan Féin É: Maisiúcháin Nollag

| Niamh Ni Shuilleabhain |

Agus muid ar ais i faoi dhianghlasáil arís faoi láthair agus an Nollaig ag teannadh linn feictear dom go bhfuil níos mó cainte i mbliana faoi mhaisiúcháin Nollag agus go bhfuil daoine ag glacadh le Spiorad na Nollag agus á fháiltiú isteach ina dtigh i bhfad níos luaithe ná mar a rinne riamh cheana.

Agus na siopaí fós dúnta agus gan cead againn dul amach agus maisiúcháin a cheannach, agus ar ndóigh níos mó am saor againn toisc go bhfuil na srianta Leibhéal 5 fós i bhfeidhm, cheap mé go dtapóinn an deis seo chun roinnt maisiúchán a dhéanamh dom féin. Cad eile a dhéanfainn ina dhiaidh sin ach na leideanna a roinnt leatsa!

Cruinneog Shneachta Nollag as gloine jin

Ábhar:

Gloine jin

Cairtchlár 

Siosúr 

Péint bhán 

Gliú

Deilbhíní beaga Nollag nó maisiúcháin bheaga Nollag (D’aimsigh mé cinn in Dealz a bhí foirfe don chúram seo)

Calóga sneachta saorga

Coinneal

1) An chéad rud a dhéanfaidh tú ná píosa cairtchláir a fháil. Bí cinnte go bhfuil sé láidir téagartha.

2) Cuir an ghloine jin ar an bpíosa cairtchláir agus tarraing líne timpeall an ghloine ar an gcairtchlár.

3) Gearr an ciorcal amach.

4) Cuir péint bhán ar an gciorcal. D’fhéadfá spraephéint, nó gnáthphéint a úsáid.

5) Nuair a bheidh an phéint tirim, greamaigh na deilbhíní nó na maisiúcháin leis an gcairtchlár le gliú. Úsáidim gunna gliú agus gliú te, ach déarfainn go ndéanfadh gliú PVA cúis — ach bheadh níos mó ama ag teastáil chun é a thriomú.

6) Ansin cuir calóga sneachta saorga istigh sa ghloine jin (ná húsáid an iomarca nó clúdófar na deilbhíní go hiomlán).

7) Cuir gliú timpeall ar imeall an chairtchláir.

8) Cas an píosa cairtchláir, a bhfuil na deilbhíní greamaithe leis, bun os cionn agus greamaigh leis an ngloine é. Cinntigh go bhfuil na maisiúcháin greamaithe go docht domhain agus triomaithe go hiomlán sula gcasfaidh tú an cairtchlár bun os cionn.

9) Anois cas an ghloine iomlán bun os cionn agus titfidh an sneachta go léir ar urlár na cruinneoige.

10) Cuir coinneal ar an mbarr (ar chos an ghloine i ndáiríre) agus sin é; Cruinneog Shneachta Nollag a fheidhmíonn mar choinnleoir chomh maith. 

Fleasc Mhór Nollag

Ábhar:

Fonsa plaisteach ó siopa lascaine

Litreacha adhmaid (roghnach)

Spraephéint 

Dorú

Ribín 

Bláthanna agus duilliúr saorga 

Gunna gliú 

Maisiúcháin Nollag 

1) Ar dtús spraephéinteáil mé an fonsa agus na litreacha adhmaid le spraephéint airgid le go réiteodh an fhleasc le dathanna mo thí, ach d’fhéadfá aon dath Nollag a úsáid ag brath ar do theach féin. 

2) Nuair a bhí an fonsa agus na litreacha tirim, leag mé na litreacha amach agus cheangail mé leis an bhfonsa iad le dorú agus gunna gliú. Ghreamaigh mé cuid de na litreacha le chéile leis an ngunna gliú chomh maith. Tá dorú an-úsáideach don chúram seo mar ní féidir é a fheiceáil agus tá sé thar a bheith éifeachtach nuair a bhíonn an chosúlacht air gur ón aer a bhfuil na litreacha crochta.

3) Nuair a bhí na litreacha ceangailte leis an bhfonsa agam, chroch mé trí mhaisiúchán Nollag ó bhun an fhonsa le dorú arís.

4) Cheangail mé píosa téada le barr an fhonsa ionas go mbeinn in ann é a chrochadh ar chrúca ar an mballa.

5) Ansin cheangail mé duilliúr agus bláthanna Nollag le bun agus barr an fhonsa leis an ngunna gliú agus chas mé ribín Nollag timpeall orthu. 

Próca sneachta

Ábhar:

Próca gloine folamh

Gliú PVA 

Salann Epsom

Bláthanna nó sméara Nollag

Ribín 

Coinneal

Tá an ceann seo thar a bheith éasca a dhéanamh. Is féidir leat aon phróca gloine a úsáid; gloine suibhe nó bolognese nó cibé próca atá sa chófra agat. 

1) Cuir brat éadrom ghliú PVA thar timpeall bharr an próca.

2) Leag an taobh a bhfuil gliú air síos i mála nó i mbabhla shalann Epsom, cas timpeall é cúpla babhta. 

3) Tarraing an próca amach as an salann agus déan an rud céanna le bun an phróca. 

4) Lig don phróca triomú thar oíche. 

5) Nuair a bheidh sé go hiomlán triomaithe cuir bláthanna nó sméara Nollag nó ribín timpeall bharr an phróca agus cuir coinneal beag istigh ann. 

Seo roinnt leideanna éasca duit chun maisiúcháin Nollag a dhéanamh daoibh féin. Tá súil agam go mbainfidh tú triail astu agus go mbeidh maisiúcháin uathúla, phearsanta agat dá mbarr!

Níos mó