Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-frasleabhar-manainnise-gaeilge-foilsithe-ag-kevin-scannell

Frásleabhar Manainnise-Gaeilge foilsithe ag Kevin Scannell

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá ‘Lioar Raaghyn’ nó ‘Frásleabhar’ Manainnise foilsithe ag an Ollamh Kevin Scannell, atá lonnaithe in Ollscoil Missouri i Meiriceá. Tá cáil nach beag ar Kevin as an obair mhór a dhéanann sé ar son na dteangacha Gaelacha ar líne agus bhí an-tóir ar an bhfoclóir Manainnise-Gaeilge a chuir sé amach tamall de bhlianta ó shin. 

D’eisigh sé a an frásleabhar trítheangach seo ar an 3 Eanáir agus é bunaithe ar bhunachair eile focal agus téarmaíochta atá ar fáil ar líne cheana féin – go mór mór Fargher’s English-Manx Dictionary agus taggloo.im. Bhailigh Kevin Scannell na frásaí go léir le chéile agus chuir Gaeilge orthu agus d’eagraigh sé faoi cheannfhocail sa Mhanainnis iad. 

Dúirt Kevin gur áis é an leabhar nua “do chainteoirí Gaeilge atá ag foghlaim na Manainnise” agus gurbh í an sprioc a bhí aige agus an leabhar á chur i dtoll a chéile leaganacha cainte agus gramadach na Manainnise a shoiléiriú do chainteoirí Gaeilge. 

Bhunaigh Doolish y Karagher (Douglas C Fargher) a fhoclóir Béarla-Manainnise ar English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe na tíre seo. Tá an liosta ceannfhocal, struchtúr inmheánach na n-iontrálacha, agus na samplaí úsáide féin sa dá fhoclóir an-chosúil le cheile agus chum Doolish y Karagher téarmaía agus frásaí nua Manainnise bunaithe go huile is go hiomlán ar iontrálacha i bhfoclóir de Bhaldraithe. 

“Dá bharr seo, nuair a rinne mé ‘aistriúcháin’ ar na frásaí Manainnise, is minic nach raibh i gceist ach ‘athaontú’ a dhéanamh leis an leagan i bhfoclóir de Bhaldraithe. I ngach cás eile, chuir mé an leagan Manainnise tríd an inneall aistriúcháin Intergaelic, ansin rinne mé glanadh éadrom ar an aschur.

Mar sin, cloíonn na haistriúcháin go dlúth le struchtúr na Manainnise, fiú nuair a bhíonn cor cainte níos nádúrtha Gaeilge ar fáil. Mar shampla, is é ‘Ó cheann go bonn’ an t-aistriúchán a thugaim ar ‘Voish kione gys boyn’, cé go mbeadh “Ó bhonn go baithis” níos dúchasaí i nGaeilge,” a dúirt Kevin. 

D’úsáid Kevin teicneolaíocht nua a d’fhorbair sé féin don Mhanainnis le gairid a “laghdaigh an obair mhaslach” a theastaigh leis an leabhar nua seo a chur le chéile. 

“Thóg mé corpas parsáilte mar chuid den tionscadal idirnáisiúnta Universal Dependencies. Bhí mé in ann an corpas sin a úsáid chun clibeálaí (ranna cainte) agus parsálaí (comhréire) a thraenáil agus a chur i bhfeidhm ar na frásaí. Is é seo an tslí a raibh mé in ann na samplaí a eagrú faoi na ceannfhocail chearta. Is rud beag é seo ar bhealach, ach is mór an cúnamh é do chainteoirí Gaeilge nach bhfuil mórán taithí acu ar chóras na n-athruithe tosaigh sa Manainnis,” a dúirt sé. 

Mhaígh sé freisin go mbeidh an uirlis nua teanga seo “an-áisiúil do thionscadal na foclóireachta” don Mhanainnis amach anseo. 

Tá os cionn 1,600 leathanach ar fad sa fhrásleabhar nua. Tá sé ar fáil faoi láthair mar PDF ar shuíomh idirlín Kevin, cadhan.com, mar a bhfuil go leor áiseanna eile teanga aige don Ghaeilge, Gàidhlig, agus Gaelg. 

Níos mó