Tá 4,929 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Ochtar eile a raibh an coróinvíreas orthu atá básaithe.
Tá 1,582 duine a bhfuil Covid-19 orthu anois sna hospidéil. 146 acusan in aonad dianchúraim, suas 21 ó inné.
Na hothair Covid-19 uilig a cuireadh san ospidéal ó thús an paindéime seo, is ón 20 Nollaig 2020 a cuireadh beagnach an ceathrú cuid díobh ann.
Tráth a bhfuil níos mó cásanna den Covid-19 in Éirinn in aghaidh gach milliún duine ná mar atá in aon tír eile ar domhan, dúirt an Dr Tony Holohan go raibh an chéad léaró beag dóchais le feiceáil i líon laethúil na gcásanna agus sa líon tástálacha a bhíonn dearfach. Ach dúirt sé go bhfuil cúrsaí sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim ag éirí níos measa in aghaidh an lae.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfuil figiúirí na gcásanna in aghaidh an lae “tosaithe ag éirí níos seasmhaí” ach go rachadh an líon othar sna hospidéil i méid sa gcoicís seo amach romhainn.
Údar mór imní é, a dúirt Nolan go raibh an galar á tholgadh ag níos mó daoine atá os cionn 65 bliain d’aois.
Dúirt an Dr Holohan go mbíonn an víreas tolgtha ag duine cúpla seachtain sula gcuirtear san ospidéal iad agus is ina dhiaidh sin a mharaíonn an galar duine agus fágann sin “gur in olcas a rachaidh cúrsaí sna hospidéil sula bhfeabhsóidh siad”.
Duine as gach 76 duine sa tír a tholg an víreas le coicís anuas.
Bhain 695 de na cásanna a fógraíodh inniu le Corcaigh, 225 cás nua a bhí i nGaillimh agus 185 cás a bhí i gcontae Mhaigh Eo.
157 cás nua a bhí i nDún na nGall, 124 cás a bhí i gcontae na Mí, 68 cás a bhí i bPort Láirge agus 66 cás a bhí i gCiarraí.
Bhain 1,513 den 4,929 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.
Tá ráta coicíse an ghalair imithe suas go dtí 1,378.7 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.
Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta de, is i bPort Láirge atá an ráta is airde i láthair nua huaire – 1,667.3.
Ráta 1,493.8 a bhí i nDún na nGall, 1,457.3 a bhí i gCorcaigh, 1,303.4 a bhí i Maigh Eo, 1,179.2 a bhí i gcontae na Mí agus 1,095.4 a bhí i gCiarraí.
Is i nGaillimh atá an ráta scaipthe is ísle sa tír – 815.7.
Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 759 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 16 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.
736 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 52 díobhsan atá in aonaid dianchúraim.
3,828 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,352 duine ó dheas den teorainn agus 1,476 duine ó thuaidh di.
241,998 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 152,539 cás ó dheas agus 89,459 ó thuaidh.