Vótáil móramh i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna go ndéanfaí an tUachtarán Donald Trump a tháinseamh den dara huair, an chéad uachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó.
232 a vótáil ar son a tháinsimh agus 197 a bhí ina choinne.
Cuirfear Trump ar a thriail anois sa Seanad, mar a dteastóidh dhá thrian a bheith ar son é a chiontú.
An uair dheireanach ar deineadh táinseamh air i dTeach na nIonadaithe níor thacaigh oiread agus poblachtánach amháin leis an iarracht, ach vótáil deichniúr acu ar son a tháinsimh an uair seo.
Cúis amháin a cuireadh i leith Trump – “éirí amach a spreagadh”.
“Chuir an tUachtarán Trump na Stáit Aontaithe agus a n-institiúidí rialtais i mbaol mór,” a dúradh sa bhille táinsimh ceithre leathanach.
Dúradh dá bhfágfaí in oifig é gur bhagairt a bheadh ann don tslándáil náisiúnta, don daonlathas agus don bhunreacht.
Le linn na díospóireachta faoi na hairteagail táinsimh tráthnóna, dúirt ceannasaí na nDaonlathach sa Teach, Nancy Pelosi nach raibh aon rogha ann ach Trump a tháinseamh.
“Caithfidh sé imeacht. Is contúirt mhór i gcónaí é don náisiún dá bhfuil grá againn go léir,” a deir Nancy Pelosi.
Drochsheans áfach go ruaigfear as oifig Trump roimh an 20 Eanáir, nuair a insealbhófar Joe Biden.
Meastar gur ina dhiaidh sin a tharlóidh an vóta sa Seanad faoi Trump a chiontú.
Dá gciontófaí sa Seanad é d’fhéadfaí cosc a chur air seasamh i dtoghcháin arís ach seans go ndéanfar iarracht é sin a dhéanamh fiú mura gciontófaí é.
Cuireadh i leith Trump gur ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun ruathar a thabhairt ar an gCaipeatól an tseachtain seo caite.
Cé gur vótáil roinnt Poblachtánach ar son a tháinsimh anocht dúirt cuid mhaith d’ionadaithe an pháirtí gurb amhlaidh go gcothódh a leithéid scoilt níos mó sa tír.
Tá cosaint déanta Donald Trump féin ar an óráid ghríosaitheach a thug sé in Washington roimh an ruathar ar an gCaipeatól. Dúirt sé go raibh “go leor feirge á chothú” ag an iarracht é a tháinseamh arís. Ní raibh aon rud míchuí chor ar bith faoina chuid cainte, ar sé.
Dúirt duine de dhílseoirí Trump, an t-ionadaí Jim Jordan as Ohio, go raibh an lasair á cur sa bharrach ag Daonlathaigh toisc an ghráin a bheith acu ar Trump.
Ach dúirt Liz Cheney as Wyoming, an tríú Poblachtánach is sinsearaí sa Teach “nár facthas tréas níos mó riamh ó aon Uachtarán ar na Stáit Aontaithe”.