Beidh cás as Gaeilge os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg inniu.
Seo an chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973 gur phléigh an chúirt le cás i nGaeilge.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.
Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh san Ard-Chúirt ag deireadh na bliana 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.
Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.
Is í an cheist ná an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.
Is é a tharlóidh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg ná go gcuirfidh abhcóide ginearálta de chuid na cúirte réamhthuairim faoi bhráid cúigear breithiúna faoi céard ba cheart a dhéanamh sa chás.
Is iondúil go nglacann na breithiúna le réamhthuairim an abhcóide ginearálta. Michal Bobek, as Poblacht na Seice, a chuirfidh a thuairim faoin gcás faoi bhráid na mbreithiúna; Jean-Claude Bonichot na Fraince; Lars Bay Larsen na Danmhairge; Marek Safjan na Polainne; Niilo Jääskinen na Fionlainne; agus Camelia Toader na hUngáire.
Is é seo an chéad chéim sa phróiseas agus d’fhéadfadh go mbeadh tamall maith ann sula leanfaí leis an gcás féin.
Fuair Peadar Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte in Éirinn nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.
Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.
An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.
Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach ag an AE in 2022.
Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.
In 2022, tabharfaidh treoir nua tuilleadh saoirse do bhallstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.
Is í an cheist atá os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí ná cad is ceart a dhéanamh idir an dá linn.