Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-abhar-machnaimh-ar-shaincheisteanna-an-lae-inniu-e-‘the-irrational-ape’

Ábhar machnaimh ar shaincheisteanna an lae inniu é ‘The Irrational Ape’

| oisin uibh eachach |

Sa saothar The Irrational Ape leis an Dr David Robert Grimes, taighdeoir ar an ailse agus fisiceoir, tá an smaointeoireacht chriticiúil agus cumas an duine réasúnaíocht a dhéanamh nó a bhaint amach lárnach i gcur chuige agus i bhfealsúnacht an údair agus é ag tabhairt aghaidh ar réiteach shaincheisteanna an lae inniu.

Ar na tréithe de chuid an duine dhaonna a thagann salach ar réiteach shaincheisteanna an lae inniu, dar leis an údar, tá an t-aineolas, an neamhréasún, an easpa loighce, chomh maith leis an idé-eolaíocht, agus pléann sé sa leabhar an chontúirt a bhaineann leis sin don duine daonna.

I ré seo na bréagnuachta, tá tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an smaointeoireacht chriticiúil. Baineann an t-údar úsáid as scéalta suimiúla chun tábhacht choincheap na smaointeoireachta criticiúla, agus chun samplaí den loighic lochtach nó fhabhtach a chur inár láthair agus éiríonn leis sa chomhthéacs sin, dar liom, na hargóintí a chur chun cinn go sásúil. Tá iliomad samplaí sa leabhar. Tá samplaí a bhaineann leis an gCogadh Fuar, le míthuiscintí i leith cúise agus éifeachta, le teoiricí comhcheilge a bhaineann leis an 5G, agus samplaí eile nach iad. Tá réimse leathan ábhar ann.

Mar shampla amháin ar an loighic lochtach nó fhabhtach, tá an sampla sa leabhar a bhaineann le Gorta Mór na Síne. I lár na haoise seo caite do dhein an Páirtí Cumannach, faoi stiúir 毛泽东 (Mao Zedong), ‘Feachtas na nGealbhan Crainn’, a chur i bhfeidhm. An aidhm a bhí ann leis an bhfeachtas sin ná an gealbhan crainn Eoráiseach a dhíothú.

Ainmhí poiblí de chuid an chaipitleachais a bhí sa ghealbhan crainn Eoráiseach, dar leis an gcóras smaointeoireachta a bhí i réim ag an am. An toradh a bhí air sin ná gur tharla Gorta Mór na Síne, gorta a raibh bás idir 15 agus 45 milliún duine, a mheastar, mar thoradh air. Níorbh léir dóibh, agus an bhéim acu, mar a bhí, ar an nuachóiriú, an dainséar a bhain le díothú an ghealbhain crainn don timpeallacht agus don saol mórthimpeall orthu.

An réiteach ar cheisteanna móra an lae inniu, dar leis an údar, ná glacadh leis an smaointeoireacht chriticiúil atá ar fáil leis an modh eolaíoch agus é a chur i bhfeidhm ar cheisteanna móra an lae inniu. Ach, cad é a thagann salach ar an smaointeoireacht chriticiúil? Tá gnéithe nó tréithe éagsúla luaite ag an údar sa leabhar. Ar cheann acu tá tionchar na fírinne meabhlaí nó ‘the illusory truth effect’, eolas a chreidiúint mar thoradh ar é a chlos go minic nó go leanúnach. 

Tá an idé-eolaíocht ina chonstaic freisin ar an smaointeoireacht chriticiúil. Is é sin go ndéantar neamhaird ar an eolas a thagann salach ar thuairim dhaingean nó ar phrionsabal creidimh an duine a bhíonn faoi thionchar idé-eolaíochta ar leith nó áirithe. Tréith shuimiúil eile de chuid shíceolaíocht an duine is ea an tionchar a bhíonn ag an gcreidiúint atá ag an duine in rud éigin, mar shampla, nó súil a bheith ag an duine le rud éigin, ar bhraistint an duine ar an réaltacht féin nó ar an saol mórthimpeall orthu. 

Anuas air sin, tá daoine deighilte go hiomlán ar cheisteanna a bhíonn go mór i mbéal an phobail. Agus, tá tionchar an-mhór ag na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann ar eolas a scaipeadh go forleathan, go héasca agus go tapa, rud a fhágann teacht ar theoiricí comhcheilge go héasca. Agus, maidir leis na meáin shóisialta féin, pléann an t-údar an dainséar a bhaineann le cloí argóintí éagsúla ar bhealach a dhéanann beag beann den smaointeoireacht chriticiúil agus den loighic mar chuid den bhfráma tagartha agus sinn i mbun cumarsáide agus díospóireachta.

Is ábhar nó téama ar leith ag an údar sa leabhar é an vacsaín go ginearálta, agus pléann sé go mion leis sin sa saothar (is taighdeoir ar an ailse é, agus an cúram sláinte a bhaineann leis an ailse ar an gcloch is mó ar a phaidrín aige). Pléann sé go mion le Gardasil, an vacsaín HPV, vacsaín in aghaidh ailse cheirbheacs a thugtar do chailíní. Coimeádaigh reiligiúnacha ba chúis leis an dul i léig a bhain leis an dul chun cinn ó thaobh líon mór na gcailíní a fuair an vacsaín le blianta beaga anuas, dar leis an údar. 

Dar le coimeádaigh reiligiúnacha i Meiriceá, thabharfadh an vacsaín chun cinn an scaoilteacht i dtaca le cúrsaí collaíochta, agus cuireadh feachtas ar bun, mar sin, chun nach bhfaigheadh cailíní é. Ní raibh aon bhunús leis na hargóintí a cuireadh chun cinn, ná aon fhianaise eipidéimeolaíoch ag dul leis na hargóintí sin, faraor. Bhí impleachtaí tromchúiseacha ag an bhfeachtas sin a chuir in aghaidh thógáil na vacsaíne ar shláinte cailíní óga. 

Pléann Grimes go mion an feachtas margaíochta, feachtas ríthábhachtach, a dhein sé le Laura Brennan, a fuair bás le hailse, chun an vacsaín HPV a chur chun cinn. Cuireadh i gcuimhne dom an dán ag W.B. Yeats, ‘The Second Coming’, agus an chuid sin den leabhar á léamh agam. An dá líne seo ach go háirithe: “Níl diongbháilteacht ar bith ag an gcuid is fearr acu, ach tá an chuid is measa acu lán de dhíocas paiseanta.”

Éiríonn leis an údar na hargóintí sa leabhar a chur i láthair go sásúil, go loighciúil agus go leanúnach. Leabhar is ea The Irrational Ape a bhfuil ábhar machnaimh ann don léitheoir ar shaincheisteanna an lae inniu.

Níos mó