Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-2,608-cas-agus-51-bas-fogartha,-ach-‘gaisce-mor’-deanta-chun-lion-na-gcasanna-covid-19-a-laghdu

2,608 cás agus 51 bás fógartha, ach ‘gaisce mór’ déanta chun líon na gcásanna Covid-19 a laghdú

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 51 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Deimhníodh 2,608 cás nua den ghalar.

532 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 go dtí seo mí Eanáir. 174 duine a bhí i gceist mí na Nollag agus 164 duine a bhásaigh ón ngalar mí na Samhna.

1,943 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá 214 acusan in aonad dianchúraim, ardú de cheathrar ón lae inné.

Deir an tOllamh Philip Nolan go bhfuil “gaisce mór” déanta ag muintir na hÉireann chun líon na gcásanna den ghalar a laghdú. Idir 0.5 agus 0.8 atá ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair.

Deir sé, áfach, go bhfuil ráta an ghalair fós 10-15 uair níos airde ná mar a bhí ag tús mhí na Nollag agus 200 níos airde ná mar a bhí mí Iúil. 

Mar sin féin, tá líon na gcásanna den ghalar ag laghdú 7-8% sa lá anois.

Gaisce mór é sin, a deir an tOllamh Nolan ach deir sé go mbeidh sé deacair coinneáil leis an iarracht sin, go háirithe mar gheall ar an gcineál nua den víreas atá sa phobal.

Tá NPHET ag súil gur idir 1,400-1,700 cás nua den Covid-19 a bheidh á bhfógairt faoi dheireadh na míosa. 

“Tá cúrsaí níos fearr ná mar a shíl mé a bheadh ach beidh sé deacair cloí leis,” a arsa an tOllamh Nolan. “Tá píosa maith le dul fós agus éireoidh sé níos crua orainn.”

Bhain 204 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 135 cás a bhí i nDún na nGall agus 132 cás a bhí i nGaillimh.

117 cás a bhí i gcontae na Mí, 104 cás a bhí i bPort Láirge, 50 cás a bhí i Maigh Eo agus 28 cás a bhí i gCiarraí.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 1,140.7 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Ráta 1,582.1 a bhí i bPort Láirge, 1,508 a bhí i Maigh Eo 1,213 a bhí i gCorcaigh, 1,155 a bhí i nDún na nGall agus 1,017 a bhí i nGaillimh.

Tá ráta scaipthe an ghalair tite faoi bhun 1,000 i gcontae na Mí – ráta 950 a bhí i gceist – agus ráta 735 a bhí i gCiarraí.

Ó thuaidh den teorainn léiríonn na figiúirí is déanaí inniu go bhfuil 21 duine eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis.  732 cás nua den víreas a deimhníodh ansin inniu. Tá 806 othar san ospidéal agus an Covid-19 orthu agus 70 acusan in aonad dianchúraim.  

Tá síneadh curtha le srianta an chróinvíris ó thuaidh den teorainn go dtí an 5 Márta.  Ag cruinniú den Fheidhmeannas i nDún Geanainn i gcontae Thír Eoghain inniu, cinneadh an síneadh seo a chur leis an dianghlasáil.  

An Chéad-Aire Arlene Foster. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster go raibh dul chun cinn déanta “sa gcogadh in aghaidh an Covid-19” ach nach raibh an cogadh sin buaite go fóill agus go raibh líon na n-othar sna hospidéal fíor-ard i gcónaí.  Dúirt sí go raibh sé “riachtanach agus cuí” síneadh a chur leis na srianta chun déileáil leis an “ngarbhaol” atá ann ón Covid-19.  Dúirt Foster go meastar ráta atáirgthe an víris nó an uimhir R a bheith idir 0.65-0.85 faoi láthair.  

Tá cúrsaí na heipidéime “an-deacair” faoi láthair, a dúirt an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, ach dúirt sí go raibh dul chun cinn déanta ó thaobh na rátaí scaipthe agus go raibh siad ag laghdú go mall. Dúirt sí gur “dea-scéala” an fhianaise go bhfuil “toradh dearfach” ar na srianta reatha.  

Déanfar na srianta a athbhreithniú an mhí seo chugainn, an 18 Feabhra nó roimhe, ach tá tuairiscí ann go bhféadfadh srianta a bheith i bhfeidhm go tús an Aibreáin. 

Tar éis na Nollag a tugadh isteach an dianghlasáil, tráth ar dúnadh siopaí neamhriachtanacha, ar coinníodh formhór daltaí sa mbaile ón scoil agus ar iarradh ar fhostóirí ligean dá gcuid oibrithe obair ón mbaile.  

280,273 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 181,922 cás ó dheas den teorainn agus 98,351 cás ó thuaidh di.

4,510 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,818 duine ó dheas den teorainn agus 1,692 duine ó thuaidh di.

Tá sé curtha in iúl ag an eolaí aitheanta, an Dr Anthony Fauci don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá chun ballraíocht a ghlacadh in Covax faoin Uachtarán nua i dteannta an 190 tír eile atá ina mbaill. 

An Dr Anthony Fauci

Comhghuaillíocht idirnáisiúnta atá i COVAX chun a chinntiú go mbeidh an chóir leighis agus an taighde a bhaineann leis an Covid-19 á roinnt go cothrom le gach tír ar domhan.  

Ag cruinniú mullaigh vacsaíní mí an Mheithimh 2020 a seoladh Covax agus cuireadh breis is €10 billiún ar fáil dó le dóthain vacsaíní a sholáthar don 20% is boichte i ngach tír ar fud na cruinne.  

Údar misnigh an fógra seo ó na Stáit Aontaithe agus amhras léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil na tíortha is lú acmhainn á bhfágáil ar an bhfaraor géar sa bpaindéim seo. Táthar ag súil go mbeidh na chéad vacsaíní faoin gclár seo á ndáileadh sna tíortha is boichte an chéad mhí eile. Cuirfear maoiniú ar fáil chun vacsaíní a sholáthar i 92 tír atá ar ísealioncam nó ar mheánioncam.

An straitéis atá ag Covax conradh a dhéanamh leis an táirgeoirí ar son na mball ar fad agus iad ar fad ag roinnt na rioscaí agus na buntáistí a bhaineann le dhá bhilliún dáileog a ordú le chéile.  

Níos mó