![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘oh-mi-bod’-–-ainm-brea-gaelach-tugtha-i-ngan-a-fhios-ar-bhreagan-gneis](/wp-content/themes/yootheme/cache/45/34063-oh-mi-bod-ainm-brea-gaelach-tugtha-i-ngan-a-fhios-ar-bhreagan-gneis-454bf0c9.jpeg)
‘Oh Mi Bod’ – ainm breá Gaelach tugtha i ngan a fhios ar bhréagán gnéis
Tá ainm breá Gaelach tugtha orthu féin i ngan a fhios dóibh féin ag comhlacht Meiriceánach a dhéanann bréagáin ghnéis. ‘Oh Mi Bod’ is ainm don chomhlacht atá lonnaithe in New Hampshire sna Stáit Aontaithe, comhlacht a dhéanann ‘bréagáin chliste ghnéis’ is féidir a cheangal le giuirléidí cliste.
Imeartas focal ar an seinnteoir ceoil de chuid Apple, an iPod, agus giorrúchán coitianta ar an bhfocal Béarla atá ar ‘colainn’ – ‘body’ go ‘bod’ — a bhí i gceist ag an lánúin a bhunaigh an comhlacht in 2006.
Ach is léir do na Gaeil ar líne go bhféadfaí brí eile a bhaint as bréagán gnéis darbh ainm ‘Oh Mi Bod’.
An e Gàidheal a tha os cionn a’ chompanaidh seo, no an e ‘cultural appropriation’ a th’ ann?
Click with care – https://t.co/WQt3nLaV1E
— Arthur Cormack (@artmaccarmaig) January 28, 2021
Maíonn OhMiBod gurbh iad a chuir an chéad ‘creathadóir iPod’ ar an margadh in 2006 – bréagán gnéis a bhfuil seinnteoir ceoil ann – agus ó shin i leith is iomaí bréagán nua gnéis a d’fhorbair siad, idir fhobhríste creathach, chreathadóirí Bluetooth, agus na dosaenacha táirgí eile nach iad.
Bronnadh go leor gradam ar OhMiBod i gcaitheamh na mblianta ach níor ainmníodh go fóill iad sa rannóg ‘Margaíocht le Gaeilge’ ag Gradaim Mhargaíochta na hÉireann as “an Ghaeilge a bheith á húsáid le custaiméirí nua a mhealladh, cur le dílseacht custaiméirí, dea-thoil a fháil, nó buntáiste margaíochta a bhreith ar iomaitheoirí”.