Conamara agus contae na Mí an dá cheantar Gaeltachta ina bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 fós níos airde ná an meánráta náisiúinta.
Thit an ráta i dtoghcheantair Chonamara Theas agus Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, le coicís anuas ach tá ráta scaipthe an ghalair iontu fós níos airde ná mar a bhí an ráta don stát uile sa chéad choicís den mhí seo.
Ráta 269 cás in aghaidh gach 100,000 a bhí sna 26 contae idir an 2 Feabhra agus an 15 Feabhra.
Ráta 314 a bhí i gceist i gConamara Theas le linn na tréimhse céanna, laghdú ó 342 an tseachtain seo caite. 67 cás nua a deimhníodh sa cheantar sa chéad chúpla seachtain de mhí Feabhra.
Thit an ráta i mBaile Átha Troim ó 414 go dtí 337 le seachtain anuas ach is ann atá an ráta is airde de na toghcheantair Ghaeltachta uile. Aimsíodh 105 cás nua den Covid-19 sa cheantar idir an 2 Feabhra agus an 15 Feabhra.
Ráta 299 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn.
Tá na rátaí scaipthe i gCiarraí i measc na gcinn is ísle sa tír agus laghdú le feiceáil i bhfigiúirí Chorca Dhuibhne agus Neidín.
Deich gcás nua ar fad a deimhníodh i gCorca Dhuibhne le linn na tréimhse coicíse seo, rud a d’fhág go raibh ráta 71 sa cheantar.
Tá an dara ráta is ísle sa tír i gceantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus ráta 36 i gceist. Níl ráta níos ísle ach i gCill Dalua (35) i gcontae an Chláir.
Tá ceantar Mhaigh Chromtha (68) i gCorcaigh agus Conamara Thuaidh (87) i nGaillimh i measc na gceantar ina bhfuil na rátaí is ísle sa tír iontu.
As an 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, is i gceantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, amháin a tháinig ardú ar an ráta scaipthe le coicís anuas.
Ráta 212 a bhí i gceist sa cheantar an tseachtain seo caite agus tá sé sin anois ardaithe go dtí 234 agus 43 cás nua deimhnithe ann idir an 2 Feabhra agus an 15 Feabhra.
Thit an ráta i mBéal an Mhuirthead nach mór faoina leath le seachtain anuas, ó 286 go dtí 151.
I nDún na nGall, tháinig breis is 50% de laghdú ar an ráta i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. Thit an ráta ó 238 go dtí 117 in achar seachtaine agus 28 cás ar fad atá deimhníodh ansin le coicís anuas.
Ráta 208 atá i gceist le ceantar Bhaile Dhún na nGall agus ráta 116 atá i gceantar Bhaile na nGallóglach i dtuaisceart an chontae.
Ó dheas, thit an ráta i nDún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, ó 268 go dtí 195 le seachtain anuas. Aimsíodh 40 cás nua den choróinvíreas sa cheantar idir an idir an 2 Feabhra agus an 15 Feabhra.