Tá comórtas oscailte seolta ag an AE do 18 post nua i Lucsamburg do Ghaeilgeoirí.
Profléitheoirí a bhfuil Gaeilge acu atá á lorg do na postanna.
Tá an comórtas á eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) agus na daoine a n-éiríonn leo cuirfear iad ar phainéil as a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais, den chuid is mó, daoine a earcú mar “profléitheoirí/eagarthóirí teanga”.
Ní gá d’iarrthóirí ach dhá theanga a bheith acu, an Ghaeilge agus an Béarla nó an Fhraincis. Bíonn trí theanga ag teastáil chun post a fháil mar aistritheoir sa gCoimisiún Eorpach.
I gcás na bpost seo, ní mór ardchumas Gaeilge (leibhéal C2 i dtéarmaí na hEorpa) a bheith ag duine agus eolas sásúil (leibhéal B2) ar a laghad ar an teanga eile.
Ós rud é go mbaineann na poist le Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais, iarrtar gurb é an Béarla nó an Fhraincis an dara teanga a bheadh ag duine mar gurb iad na teangacha sin is mó a bhíonn in úsáid sna hinstitiúidí sin.
I measc na ndualgas atá luaite leis na poist tá téacsanna a phrofléamh; cáilíocht na hoibre a rinne conraitheoirí a sheiceáil; monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus athruithe teanga; agus doiciméid na hinstitiúide a ullmhú lena bhfoilsiú.
Tá na poist Ghaeilge i measc beagnach 100 post nua atá á bhfógairt agus tá profléitheoirí a bhfuil Gréigis, Spáinnis, Eastóinis, Iodáilis agus Portaingéilis acu á lorg chomh maith.
Iarrtar ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO faoin 23 Márta 2021 ar 11.00am (meán lae sa Bhruiséil).