Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cruinniu-sa-dail-faoin-reachtaiocht-ghaeilge-curtha-ar-ceal

Cruinniú sa Dáil faoin reachtaíocht Ghaeilge curtha ar ceal

| Tuairisc.ie |

Tá an cruinniú is déanaí a bhí le bheith Coiste Oireachtais na Gaeilge sa Dáil chun an Bille Teanga a phlé curtha ar ceal.

Bhí an seachtú seisiún dhá uair an chloig ag plé an Bhille Teanga nua le bheith ag an gCoiste sa Dáil inniu ach cuireadh siar é go dtí an tseachtain seo chugainn toisc nach mbeidh fáil ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Tá cruinniú Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta, a bhí le dul ar aghaidh inniu, curtha ar athló go dtí an tseachtain seo chugainn.  Ní bheidh an tAire ar fáil inniu de thoradh athrú a bheith ar ghnáth-am chruinniú Máirt an Rialtais go dtí 1.30 iarnóin agus mar sin níl aon rogha ann ach cruinniú an Roghchoiste a chur ar ceal.

Ní raibh aon rogha ach an cruinniú a chur ar ceal toisc go mbeidh an tAire Stáit gafa ag cruinniú Rialtais atá ag tosú ag 1.30pm. 

Tá na leasuithe atá molta ar an dréachtreachtaíocht teanga á bplé ag céim an Choiste den bhille ó dheireadh na míosa seo caite.

308 leasú atá molta ar an mBille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus cur le cearta teanga an phobail.

Ach níl pléite go dtí seo ach 78 de na leasuithe sin, 32 díobh a bhí dícheadaithe.

Chinn Oifig na mBillí go raibh 93 den 308 leasú as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú nó toisc gur síleadh nár bhain siad le forálacha an Bhille.

Tá ceist curtha ag baill an choiste ar an gCeann Comhairle faoi líon na leasuithe a dícheadaíodh, ach idir an dá linn níl glactha go fóill ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann de na leasuithe a ceadaíodh.

Tá ráite ag an Aire Stáit áfach go bhfillfidh sé ar 15 leasú lena mholtaí féin ag an gcéad chéim eile den Bhille nó go dtabharfar aghaidh orthu sna caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

Deirtear i mbille nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí. 

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Cuireadh fáilte roimh gheallúintí a rinne Aire Stáit na Gaeltachta ag seisiún na seachtaine seo caite maidir le cearta teanga an phobail a neartú i reachtaíocht nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil an tseachtain seo caite go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine.

Níos mó