![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘muin-an-ghaeilge-dom,-le-do-thoil’-–-achaini-carol-vorderman-ar-imelda-may](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F03%2F36028-muin-an-ghaeilge-dom-le-do-thoil-achaini-carol-vorderman-ar-imelda-may.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=ad86d3e3)
‘Múin an Ghaeilge dom, le do thoil’ – achainí Carol Vorderman ar Imelda May
Tá iarrtha ag an gcraoltóir aitheanta Carol Vorderman ar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge Imelda May cúpla focal Gaeilge a mhúineadh di. Fógraíodh an t-amhránaí Baile Átha Cliathach ina hambasadóir do Sheachtain na Gaeilge an mhí seo caite, agus ó shin i leith tá sí ag scaipeadh a grá don Ghaeilge ar na meáin shóisialta.
Arú inné, thug Imelda cuireadh dá cuid leantóirí ar Twitter an Ghaeilge atá acu cheana féin a úsáid níos minice gach lá, agus dúirt leo go bhféadfaí an teanga a fhoghlaim de réir a chéile. “Seo ár dteangana, Labhraímis í. Anois!” a scríobh an t-amhránaí as Saoirsí Bhaile Átha Cliath.
D’fhreagair an craoltóir Breatnach Carol Vorderman í go gairid ina dhiaidh sin agus d’iarr ar Imelda cúpla focal Gaeilge a mhúineadh di.
Yee please
teach me some please x— Carol Vorderman
(@carolvorders) March 1, 2021
Moladh Carol go mór i mí Eanáir na bliana seo caite nuair a thug sí tuar na haimsire i dteanga dhúchais a tíre, an Bhreatnais, ar an stáisiún teilifíse Breatnaise S4C.
D’fhás Carol aníos sa bhaile Prestatyn agus ba chainteoirí dúchais Breatnaise a sinsir, cé nár tógadh leis an teanga í féin. Thug sí faoi ranganna Breatnaise den chéad uair in 2019 mar chuid de shraith nua teilifíse a chraoladh ar S4C anuraidh, Iaith ar Daith.
Rinne sí staidéar ar an teanga ar scoil ach tá beagnach 45 bliain ann ó rinne sí scrúdú Breatnaise agus is beag deis a bhí aici ó shin a scileanna teanga a chleachtadh.
Watch me being a weather woman today IN WELSH
….been learning language for nearly 2 months now online with @aranjones @DailyWelshWords…x @S4Ctywydd @S4C #Iaith2020
pic.twitter.com/TCT6fHQmRH— Carol Vorderman
(@carolvorders) January 26, 2020
“Tá mé ag foghlaim na Breatnaise go páirt-aimseartha le dhá mhí nó mar sin, agus is breá liom é. Tá mé ag filleadh ar mo dhúchas. Foghlaimím rudaí go han-tapa, ach beidh tamall ann sula mbeidh mé líofa, agus tá mé ag iarraidh a bheith líofa,” a dúirt Carol agus an tsraith á cur chun cinn aici anuraidh.
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil faoi láthair agus beidh Imelda May agus na hambasadóirí eile Bláthnaid Treacy ó RTÉ agus an t-iománaí as Luimneach Declan Hannon ag cur na teanga chun cinn ar fud na tíre.