Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-liadh-ni-riada-le-seasamh-do-shinn-fein-sa-chead-olltoghchan-eile

Liadh Ní Riada le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile

| Tuairisc.ie | , ,

Tá Liadh Ní Riada, an t-iarfheisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí, le seasamh do Shinn Féin sa chéad olltoghchán eile.

D’fhógair Sinn Féin aréir go mbeadh Ní Riada ag seasamh don pháirtí i gCorcaigh Thiar Thuaidh.

Dúirt Ní Riada, atá ina hOifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Mhúscraí,  gur “onóir mhór” é a bheith roghnaithe ag Sinn Féin le seasamh sa dáilcheantar agus go raibh sí ag súil go mór le dúshlán Fhine Gael agus Fhianna Fáil a thabhairt.

Beirt Teachtaí Dála atá ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo, Aindrias Moynihan agus Michael Moynihan, agus Michael Creed a bhuaigh an suíochán eile d’Fhine Gael in olltoghchán 2020. Nach mór 75% de na vótaí caitheadh i gCorcaigh Thiar Thuaidh a bhí ag an dá pháirtí anuraidh.

Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin sa toghcheantar in 2020.

Mhaígh Liadh Ní Riada go raibh sé in am bean a thogadh don dáilcheantar agus gurb iad an pobal a bhí thíos le polasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael.

Dá n-éireodh léi suíochán a fháil chabhródh sé lena chinntiú go mbeadh Sinn Féin sa chéad rialtas eile agus go mbeadh Mary Lou McDonlad ina Taoiseach, a dúirt sí.

“Tabharfaidh Sinn Féin faoiseamh d’oibrithe agus do theaghlaigh, oibreoidh muid le hataontú na hÉireann a chur i gcrích agus chun fíorathrú a dhéanamh. Sin atá ag teastáil. Tá mé ag súil go mór leis,” a dúirt Liadh Ní Riada.

Nuair a ceapadh í ina hoifigeach pleanála teanga anuraidh, dúirt Ní Riada, a bhí ina hiarrthóir sa toghchán uachtaránachta deireanach, nach raibh a fhios aici an bhfillfeadh sí ar an bpolaitíocht arís nó dá ndéanfadh an le Sinn Féin a rachadh sí nó an mbeadh sí ina neamhspleách.

“Tá an doras fágtha ar an laiste agam,” a dúirt sí mí Iúil seo caite.

Maidir le cúrsaí polaitíochta, dúirt sí an uair sin gur bhraith sí go ndearna Sinn Féin faillí áirithe inti nuair nár éirigh léi sa toghchán Eorpach deireanach ná sa toghchán uachtaránachta, ach gur thuig sí leis gurb in í “an pholaitíocht”.

Roghnaigh Sinn Féin Ní Riada le bheith ar Bhord Fhoras na Gaeilge le déanaí.

Níos mó