Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-cruinniu-idir-an-taire-dli-agus-cirt-agus-muintir-mna-a-eigniodh-i-gcorca-dhuibhne-curtha-ar-ceal

Cruinniú idir an tAire Dlí agus Cirt agus muintir mná a éigníodh i gCorca Dhuibhne curtha ar ceal

| Tuairisc.ie |

Tá cor eile sa chonspóid faoi chás éignithe a tharla sa Daingean i gCorca Dhuibhne, cás atá go mór i mbéal an phobail le roinnt seachtainí anuas de bharr raic faoi theistiméireachtaí carachtair.

Tuairiscítear inniu go bhfuil achomharc á dhéanamh ag Conor Quaid, an fear óg ón nDaingean a ciontaíodh as bean a éigniú ina teach féin ar an mbaile trí bliana ó shin. De bharr an achomhairc sin tá cruinniú a bhí beartaithe idir muintir na mná agus an tAire Dlí agus Cirt curtha ar ceal.

Gearradh téarma príosúin ocht mbliana, ar cuireadh 18 mí de ar fionraí, ar Conor Quaid (26) sa Phríomh-Chúirt Choiriúil coicís ó shin as an mbean óg, ar cara de chuid a theaghlaigh í, a éigniú i mí an Mheithimh 2018. 

Rinne Quaid cinneadh an tseachtain seo achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.

Tuairiscítear sa nuachtán Kerry’s Eye go raibh socrú déanta ag an Aire Helen McEntee bualadh le teaghlach na mná an tseachtain seo chugainn ach gur cuireadh an cruinniú ar ceal inné.

Is mian le muintir na mná úsáid na dteistiméireachtaí carachtair i gcásanna cúirte a phlé leis an Aire agus iad ag moladh nach gceadófaí a leithéid feasta i gcásanna a bhaineann le hionsaithe gnéis. 

Tá go leor tacaíochta léirithe don bhean agus dá muintir ó labhair siad amach faoin gcás an tseachtain seo caite. 

Dúirt an teaghlach go raibh siad féin agus an bhean óg buartha faoi theistiméireacht charachtair a thug ball de CLG an Daingin agus daoine eile ar son Conor Quaid tar éis dó a chiontaithe.

Dúirt John Diony O’Connor, atá anois ina leas-Chathaoirleach ar an gcumann áitiúil, go raibh dea-cháil ar Quaid agus gur réitigh sé go maith i gcónaí le traenálaithe agus le himreoirí eile nuair a bhíodh sé ag imirt don Daingean faoi aois.

Bhí tábhairneoir áitiúil, Tom Geaney, iarsháirsint sa Gharda Síochána, John Cahill, agus daoine eile ina measc siúd a thug teistiméireachtaí carachtair sa chás.

Agus téarma príosúin gearrtha ar Conor Quaid sa chás, scríobh muintir na mná chuig cumann an Daingin agus chuig CLG Chiarraí ag iarraidh fáil amach ar ghlac siad leis an tacaíocht a bhí léirithe d’fhear a bhí ciontaithe as bean a éigniú. Dúirt siad go raibh an chlann uile trína chéile ag an méid a bhí le rá ag O’Connor.

I bhfreagra a sheoil sé chucu, rinne rúnaí CLG Chiarraí, Peter Twiss, comhbhrón ó chroí leis an mbean agus leis an gclann as an méid a bhí fulaingthe acu. Dúirt sé, áfach, nach thar cheann CLG an Daingin a tugadh an teistiméireacht a bhí i gceist agus nár tugadh le fios inti gur tuairimí an chumainn a bhí ann. Ní raibh O’Connor ina leasChathaoirleach ar an gcumann nuair a thug sé an teistiméireacht anuraidh.

Dúirt máthair na mná le Kerry’s Eye go raibh teagmháil déanta aici le cumann CLG an Daingin ag iarraidh orthu deontas a thabhairt d’Ionad Éigeandála um Éigniú Chiarraí. Dúirt sí go gcaithfeadh an cumann agus CLG Chiarraí ráiteas a dhéanamh agus a léiriú cá seasann siad maidir leis an gcás.

Dúirt bainisteoir Ionad Éigeandála um Éigniú Chiarraí, Vera O’Leary go raibh an eagraíocht sásta oiliúint íogaireachta a chur ar fáil saor in aisce d’oifigigh CLG ar fad sa chontae.

Níos mó