Tá an fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair go moch maidin Dé Sathairn ar an gCeathrú Rua i gConamara ainmnithe.
Ba as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua do Mhaitiú Ó Domhnaill, fear a raibh aithne mhór agus cion mhór air ina cheantar dúchais agus a bhí ina imreoir peile cumasach le CLG na Ceathrún Rua.
Tá muintir an bhaile Ghaeltachta faoi scamall bróin ó tháinig an drochscéala faoin timpiste ar Bhóthair Dhoirefhearta maidin Dé Sathairn.
Rinne CLG na Ceathrún Rua comhbhrón le páirtí, iníon, tuismitheoirí, clann agus gaolta Mhaitiú Uí Dhomhnaill.
“Thug Maitiú a chroí agus a anam i gcónaí nuair a tharraing sé air geansaí an chumainn. Is iomaí corn nó comórtas buaite ag foirne faoi aois agus sa ngrád sinsir a raibh ról lárnach ag Maitiú iontu. Tá cuimhní iontacha againn ar fad ar chúil dhochreidte, píosaí imeartha spleodracha, luas lasrach agus crógacht Mhaitiú ar an bpáirc imeartha.
“Thug Maitiú an-mhisneach dá comhimreoirí i gcónaí de bharr a chuid crógachta agus ní raibh sé sásta riamh glacadh leis go raibh an cath caillte in aon chluiche. Níl focail ann chun cur síos ar cé chomh mór a n-aireoidh muid uainn é sa gcumann. Tá clann Uí Dhomhnaill ar fad fite fuaite sa gcumann agus iad inár smaointe agus paidreacha…”
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2021/04/maitiu-o-domhnaill-an-cheathru-rua-clg-2-3-2.jpg)
Ag thart ar 3.50am maidin Dé Sathairn a tháinig na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar láthair na timpiste. Carr amháin a bhí sa timpiste agus fógraíodh ar an láthair go raibh an Maitiú Ó Domhnaill, a bhí sna tríochaidí, marbh.
Beidh aifreann na sochraide ar siúl ag meán lae Dé Céadaoin seo chugainn i Séipeál Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Cuirfear Maitiú Ó Domhnaill tar éis an aifrinn i Reilig Bharr a’Doire. Iarrtar ar daoine gan bláthanna a thabhairt ach is féidir síntiús a thabhairt d’Ospís na Gaillimhe.
De bharr na paindéime Aifreann don chlann amháin a bheidh ann ach craolfar é anseo.
“Meala mór a bhás”, a dúradh, dá pháirtí Róisín agus a iníon Emily, a athair Liam Pheadair Sheáin, a mháthair Mairéad Mhicil Khate, a dheirfiúr Lorraine agus a fear céile Kenneth, a dheartháir Liam Eoin agus a bhean chéile Ailbhe, a nianna, Seán agus Odhrán, a neachtanna, Ruth agus Freya, agus a ghaolta agus cairde.
Bhí fear eile, atá thart ar scór bliain d’aois agus arb as an gCeathrú Rua é chomh maith, i suíochán paisnéara an chairr nuair a tharla an timpiste. Tugadh in otharcharr é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Ní bhaineann son bhaol báis leis na gortuithe a d’fhulaing sé.
D’iarr na Gardaí i mBóthar na Trá ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.
Rinne cigirí ón Oifig um Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtaí scrúdú ar láthair na timpiste inné.