Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-309-cas-nua-den-ghalar-fogartha,-feabhas-ar-chursai-‘nach-bhfeadfai-a-shamhlu-cupla-seachtain-o-shin’

309 cás nua den ghalar fógartha, feabhas ar chúrsaí ‘nach bhféadfaí a shamhlú cúpla seachtain ó shin’

| Tuairisc.ie | , ,

Ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 309 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

Bhain ceithre bhás le mí Aibreáin, bhain dhá cheann le mí Feabhra, i mí Eanáir nó níos luaithe a bhásaigh an bheirt eile.

184 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 51 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go raibh “cúrsaí i bhfad Éireann níos fearr ná rud ar bith a d’fhéadfaimis a shamhlú roinnt seachtainí ó shin”.

“Tá sé iontach,” a dúirt an Dr Glynn.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go raibh tionchar na vacsaíní le feiceáil den chéad uair sa phobal.

Tá comharthaí ann go bhfuil líon na gcásanna laethúla ag laghdú a dhá oiread i measc na ndaoine sa phobal a bhfuil vacsaíní faighte acu.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly tráthnóna gur inniu a bhí “an tuairisc is dearfaí le fada” ag NPHET dó.

Tá an ráta scaipthe nó an uimhir R idir 0.7 agus 1.0 agus an-seans ann gur faoi 1 atá sí.

388 cás an meán thar chúig lá atá againn, sin laghdú 10% ón tseachtain seo caite.

“Rud an-tábhachtach faoi seo go ndúirt NPHET nach de bharr na vacsaíní a tharla seo ach de bharr go bhfuil daoine ag cloí leis na bearta sláinte phoiblí, ag casadh le chéile amuigh faoin aer, srl. Is iontach an t-éacht é seo in Éirinn,” a mhaígh an tAire i ngiolc.

Tá an ráta dearfachta náisiúnta ar thástálacha tite go dtí 2.6% agus 184 othar atá san ospidéal de bharr an Covid-19. Dúirt an tAire nár tuairiscíodh aon ráig nua in ionaid altranais an tseachtain seo caite ná go dtí seo an tseachtain seo.

Dúirt Donnelly gur 2.6 duine ar an meán an líon gartheagmhálaithe a bhíonn ag daoine agus gur “gaisce ollmhór” é sin a bhí ag coinneáil líon na gcásanna íseal.

Bhain 25 den 309 cás nua den ghalar a fógraíodh inniu le Dún na nGall, bhí 15 cás i bPort Láirge, bhí 13 cás sa Ghaillimh agus 12 cás a bhí i gCorcaigh. Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, cúig chás a bhí i gcontae na Mí agus níos lú ná cúig cinn a bhí i gCiarraí.

Ó thuaidh den teorainn, beidh cead oscailte ag earnáil an fháilteachais ar an 30 Aibreán.

Beidh cead oscailte faoin aer ag bialanna, gairdíní beorach, caiféanna agus ionaid aclaíochta níos túisce ná mar a bhíothas a cheapadh. An 24 Bealtaine a osclóidh ionaid fáilteachais faoi dhíon, tithe tábhairne agus óstáin san áireamh.

Ón 30 Aibreán a bheidh cead oscailte ag siopaí neamhriachtanacha.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an galar orthu básaithe agus 159 cás eile deimhnithe.

6,952 duine a raibh an galar orthu atá básaithe in Éirinn go nuige seo, 4,820 duine ó dheas den teorainn agus 2,132 ó thuaidh di.

361,134 cás den ghalar atá deimhnithe ó thús na paindéime, 242,402 cás ó dheas den teorainn agus 118,732 cás ó thuaidh di.

Níos mó