Tá Albert Fry, duine de mhórGhaeil Bhéal Feirste agus na hÉireann, tar éis bháis.
Ceoltóir, ailtire, gníomhaí teanga agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ab ea Albert Fry a rugadh i i dtuaisceart chathair Bhéal Feirste breis is 80 bliain ó shin.
I 1979, ba é an chéad Tuaisceartach a ceapadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.
Bhain sé cáil amach freisin mar amhránaí. Chuir Gael Linn roinnt albam dá chuid amach, ina measc Albert Fry, Maidin Luan Cincíse an cnuasach amhrán traidisiúnta Tráthnóna Beag Aréir.
Fear mór CLG ab ea é agus d’imir sé do Na Piarsaigh agus d’Aontroim le linn na 1950idí agus na 1960idí. Láithreoir raidió agus teilifíse ab ea é chomh maith.
Taithíodh sé Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste ó 1956 agus bhí baint mhór aige le forbairt an chumainn i mBéal Feirste a raibh sé mar chathaoirleach agus caomhnóir air.
Bhí baint mhór aige le bunú Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.
Bhí Gaeltacht Dhún na nGall an-ghar dá chroí chomh maith agus bhí teach aige i Mín Corrbhaic gar de Chroithlí. Bhí aithne mhór air chomh maith i nGaoth Dobhair agus i Rann na Feiriste, mar ar fhoghlaim sé cuid mhaith den stór mór amhrán a bhí aige. Chuir sé an t-albam Thiar i dTír Chonaillamach i 1976.