Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-raic-faoi-usaid-an-tearma-‘oglaigh-na-heireann’-don-ira-ar-‘tus-aite’-rnag

Raic faoi úsáid an téarma ‘Óglaigh na hÉireann’ don IRA ar ‘Tús Áite’ RnaG

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur ag aithris ar an méid a bhí ráite roimhe ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta a bhí sé nuair a d’úsáid sé an téarma Óglaigh na hÉireann agus é ag trácht ar an IRA.

Rinne Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, beag is fiú de ráiteas a chuir an tAire Stáit Martin Heydon amach á cháineadh faoi Óglaigh na hÉireann a thabhairt ar an IRA ar an gclár Tús Áite.

Nuair a d’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar Aengus Ó Snodaigh faoin gcáineadh, dúirt sé gurb amhlaidh gurb é láithreoir an chláir, Fachtna Ó Drisceoil,  is túisce a d’úsáid an téarma.

Dúirt sé gur chuir Fachtna Ó Drisceoil ceist air faoi “Óglaigh na hÉireann” agus gur thug sé freagra ar cheist faoi “Óglaigh na hÉireann” ina dhiaidh sin.

Ba é Fachtna Ó Drisceoil ba thúisce a d’úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann mar chur síos ar an IRA sa mhír a craoladh ar Tús Áite tráthnóna Déardaoin seo caite. Na tuairiscí go bhfuil faoi Rialtas na Breataine pardún a thabhairt d’iarshaighdiúirí a bhí á bplé.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie láithreoir Tús Áite faoi úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann, dúirt sé nach raibh aon rud le rá aige faoin scéal.

Ag tagairt don mhír ar Tús Áite, dúirt Martin Heydon, Aire Stáit de chuid pháirtí Fhine Gael, go raibh sé thar am ag Teachtaí Dála Shinn Féin éirí as a bheith ag tagairt don IRA Sealadach mar Óglaigh na hÉireann. 

“Níl ach Óglaigh na hÉireann amháin sa tír seo agus sin iad Fórsaí Cosanta na hÉireann,” a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Martin Heydon.

Dúirt Heydon gur “náire shaolta” é go mbeifí ag tabhairt Óglaigh na hÉireann ar an IRA.

“A leithéid de mhasla dár bhFórsaí Cosanta,” ar sé. 

“Tá sé in am ag páirtí an Teachta Mary Lou McDonald é seo a stopadh. An dtugann siad aitheantas d’Óglaigh na hÉireann? An dtugann siad aitheantas d’Fhórsaí Cosanta na hÉireann?

“An dtugann Sinn Féin aitheantas d’Óglaigh na hÉireann mar an t-arm oifigiúil agus an t-aon arm sa Stát? Is cinnte go bhfuil an chuma air nach amhlaidh an cás agus tá sé an-tábhachtach go dtuigeann chuile dhuine é sin…” 

“Tugann ár bhFórsaí Cosanta seirbhís chróga don tír seo – níor fhág sceimhlitheoirí againn ach pian, ár agus doirteadh fola,” a dúirt an tAire Heydon.  

Tugann téarma.ie, bunachar téarmaí oifigiúla an Choiste Téarmaíochta dhá rogha mar aistriúchán ar the Irish Republican Army nó an IRA – an IRA agus Óglaigh na hÉireann. Deirtear go mbaineann na téarmaí le cúrsaí staire, eagraíochtaí agus póilíneachta.

Óglaigh na hÉireann atá ag an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge ar the Irish Republican Army, ach deirtear gur teideal stairiúil atá i gceist. Óglaigh na hÉireann atá ag foclóir.ie agus tearma.ie ar The Defence Forces agus ar The Irish Volunteers.

An tIRA Sealadach atá ag an bhfoclóir nua ar the Provisional IRA, teideal nach bhfuil ar fáil ar téarma.ie.

Cumadh an frása Óglaigh na hÉireann mar theideal Gaeilge ar na ‘Irish Volunteers’ i 1913.  

Sa bhliain 1919 tugadh arm Phoblacht na hÉireann nó an IRA ar na hÓglaigh. Chloígh cuid acu leis an teideal Óglaigh na hÉireann i nGaeilge, ach an IRA a roghnaigh a dtromlach chun cur síos orthu féin as sin amach. 

Éilíonn arm na hÉireann agus an IRA Sealadach araon gur acusan amháin atá ceart chun an teideal Óglaigh na hÉireann a úsáid agus gurb iadsan amháin fíor-oidhrí na ‘Irish Volunteers’ agus Arm na Poblachta (IRA) i gCogadh na Saoirse.  

Úsáideann mionghrúpaí eile a scoilt ón IRA an teideal Óglaigh na hÉireann chomh maith. 

Ón mbliain 1924, Óglaigh na hÉireann an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar na Fórsaí Cosanta agus aithnítear iad mar an t-aon fhórsa armtha dlisteanach sa stát a bhfuil aitheantas Rialtas an hÉireann aige.  

Níos mó