Tá an t-údar agus foilsitheoir aitheanta Micheál Ó Conghaile ag éirí as mar Stiúrthóir ar Chló Iar-Chonnacht, an teach foilsitheoireachta mór le rá a bhunaigh sé i 1985.
Is í Deirdre Ní Thuathail, arb as Árainn ó dhúchas di ach atá ina cónaí in Indreabhán, úinéir nua an chomhlachta atá lonnaithe ar an Spidéal. Tá Deirdre Ní Thuathail ina Bainisteoir Ginearálta ar an gcomhlacht faoi láthair.
Tá sé i gceist ag Micheál Ó Conghaile, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne, díriú níos mó ar a chuid scríbhneoireachta féin feasta. Leanfaidh sé air ag obair mar ghníomhaire liteartha Chló Iar-Chonnacht.
Dúirt an Conghaileach “gur fada an t-achar é 35 bliain ag déanamh na hoibre céanna” agus gur beag tuiscint a bhí aige ar an obair a bhí roimhe nuair a bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht.
“Is dúshlán a bhí, atá agus a bheas i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge i gcónaí, creidim. Ach ba phléisiúr ollmhór a bhí ann freisin a bheith ag plé leis an oiread sin ealaíontóirí: scríbhneoirí, filí, cumadóirí amhrán, amhránaithe, ceoltóirí, cumadórí ceoil, grianghrafadóirí, dearcealaíontóirí agus dearthóirí.
“Agus ba mhinic a thug an obair le chéile na healaintóirí éagsúla seo, go leor acu nach mbeadh aithne ná b’fhéidir eolas acu ar a chéile go dtí sin. D’oscail doirse nua. Chaith solas ar an saol. Thug sásamh agus sólas.”
Bhí baint ag Micheál Ó Conghaile le thart ar 1,000 foilseachán le 35 bliain anuas, idir leabhair, dhúthdhioscaí agus chaiséid.
“Sin saibhreas. Saibhreas cultúra atá i gceist agam, dár ndóigh, an saibhreas is tábhachtaí faoi dheireadh. Ba mhaith liom a cheapadh gur shaibhrigh an obair seo saol mhuintir na Gaeltachta lenar linn, saol na Gaeilge agus saol na hÉireann trí chéile.
“Agus taobh amuigh d’Éirinn, dár ndóigh, áit ina bhfuil méadú ar an meas atá ar an sean-nós anois, ar an gceol traidisiúnta agus ar litríocht na Gaeilge ó tháinig méadú ar na haistriúcháin chuig teangacha éagsúla. Tá saothair le filí agus scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge le fáil i mbreis agus fiche teanga éagsúil anois.”
Dúirt sé gur saibhre a shaol féin de bharr a chuid oibre le Cló Iar-Chonnacht.
“Dár ndóigh ba shaibhriú agus saibhriú mór ar mo shaolsa go pearsanta a bhí san obair seo ar fad freisin agus táim an-bhuíoch do na healaíontóirí eagsúla ar fad a raibh sé d’ádh orm a bheith ag obair leo agus táim an-bhuíoch go háirithe d’fhoireann oibre CIC a bhí liom go dílis díograiseach i rith na mblianta.
Dúirt sé go raibh faoi “filleadh” ar an áit ar thosaigh sé agus díriú níos mó ar a chuid scríbhneoireachta féin.
Ghabh Deirdre Ní Thuathail, úinéir nua Chló Iar-Chonnacht, buiochas le Micheál Ó Conghaile as an saothar go léir a rinne sé “ag cur litríocht na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear”.
“Ní bhrisfear an nasc mar beidh Cló Iar-Chonnacht fós ag obair go dlúth leis ina ról mar ghníomhaire liteartha agus ar thograí eile,” a dúirt sí.
Ghabh sí buíochas freisin le foireann an chomhlachta.
“Oibríonn an fhoireann go dian dícheallach i gcónaí agus chuidigh siad chun an comhlacht a fhás agus a fhorbairt agus borradh a chur faoin díolachán le roinnt blianta anuas, go háirithe ó d’oscail an siopa leabhar sa Spidéal.”
Bhí sí ag súil, a dúirt sí, a bheith ag obair leis na scríbhneoirí, ceoltóirí agus amhránaithe a chuireann a gcuid saothar ar fáil do Chló Iar-Chonnacht le foilsiú.
“Murach iad, ní bheadh muid ann. Tá muid ag súil le leanacht leis an dea-obair agus fás agus forbairt a dhéanamh air sin sna blianta atá amach romhainn agus scríbhneoirí nua a thabhairt ar bord.”