Tá plean teanga do chathair na Gaillimhe ceadaithe faoi dheireadh ag Aire Stáit na Gaeltachta.
Léiríodh frustrachas roimhe seo faoin moill a bhain le ceadú an phlean, a cuireadh faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair 2019, ach d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu agus é ar cuairt ar Ghaillimh le Gaeilge go raibh an plean ceadaithe ag an Roinn.
Beidh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge freagrach as an bplean a chur i bhfeidhm agus tá sé i gceist €100,000 sa mbliain a chur ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun tacú le feidhmiú an phlean.
Tá an chathair aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a chuirfidh tacaíocht ar fáil chun an plean a chur i bhfeidhm.
Thréaslaigh an tAire Stáit Chambers leo siúd a bhí páirteach in ullmhú an phlean agus dúirt sé go raibh tábhacht faoi leith le cathair na Gaillimhe ó thaobh na Gaeilge de, ós rud é go mbíonn sí ag freastal ar an gceantar Gaeltachta is mó sa tír.
“Mar gheall go n-aithnítear go forleathan sa chathair agus sa cheantar máguaird an luach agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga bheo i dtéarmaí cultúir agus geilleagair de, beidh ‘cóir gaoithe’ taobh thiar d’fheidhmiú an phlean teanga seo gan amhras,” a dúirt an tAire Stáit.
Tá Gaillimh ar an tríú Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhfuil plean ceadaithe dó. Ceadaíodh pleananna An Daingin agus Leitir Ceanainn roimhe seo, cé gurb é dréachtphlean chathair na Gaillimhe an chéad cheann a ullmhaíodh agus go rabhthas ag súil gurb í an chéad phlean dá leithéid a sheolfaí.
Bhí an Teachta Dála áitiúil Catherine Connolly agus údair an phlean, John Walsh agus Dorothy Ní Uigín ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina measc siúd a léirigh míshástacht faoin moill a bhí lena cheadú.
Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin.
16 Baile Seirbhíse Gaeltachta ar fad a bheidh ar fud na tíre. Tá plean teanga An Chlocháin Léith á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus tá pleananna teanga á n-ullmhú i gcúig bhailte faoi láthair – Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbhán agus Trá Lí. Ceaptar go bhféadfar tús a chur go luath le hullmhú plean teanga don Chlochán.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta freisin inniu go raibh plean teanga ceadaithe do limistéir Bhearna agus Chnoc na Cathrach – an 22ú plean teanga Gaeltachta atá ceadaithe go dtí seo.
D’fhógair an tAire Stáit go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean agus ionas go mbeidh ar chumas Choiste Stiúrtha
Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach, an cheanneagraíocht a d’ullmhaigh an phlean, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.
“Is cúis cheiliúrtha don Phróiseas Pleanála Teanga agus do phobal Bhearna agus Chnoc na Cathrach é ceadú an phlean teanga seo. Tréaslaím leis an gceanneagraíocht as ucht an tsárobair atá déanta acu, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, chun ceadú an phlean seo a thabhairt go ceann scríbe,” a dúirt an tAire Stáit.
Tá trí phlean Gaeltachta eile á meas ag an Roinn faoi láthair – Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; agus Oileáin Árann i gcontae na Gaillimhe – agus plean amháin eile le cur faoi bhráid na Roinne go fóill, An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.
Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sna Limistéir Pleanála Teanga, 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta.