Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cen-ghaeilge-ata-ar-‘bimbo’?-–-cuntas-nua-instagram-do-‘ailleagain’

Cén Ghaeilge atá ar ‘bimbo’? – cuntas nua Instagram do ‘áilleagáin’

| Maitiu O Coimin | ,

Tá cuntais nua ar na meáin shóisialta cruthaithe ag an mbanríon draig Kitty Ní Houlihán a bhfuil sé mar aidhm acu “a thaispeáint do dhaoine gur féidir a bheith gafa le gach rud atá baineann agus nach mbainfeadh sé sin de chlisteacht duine”. 

“Gaeilge d’Áilleagáin is ainm don chuntas. Ní chloistear an focal chomh minic sin, ach ciallaíonn sé rud éigin atá álainn ach nach bhfuil chomh cliste sin. Is dóigh linn gur leagan deas Gaeilge é do ‘bimbo’ an Bhéarla. Tá an-tóir ar gach rud ó na 2000idí arís anois agus tá Paris Hilton agus an focal ‘bimbo’ i mbéal an phobail arís. 

“Theastaigh uainne an focal sin a úsáid le taispeáint gur féidir a bheith gafa le gach rud atá baineann agus nach mbainfeadh sé sin de chlisteacht duine. Agus fiú mura mbíonn tú róchliste is féidir a bheith bródúil as do bhandacht,” a dúirt Kitty le NÓS. 

Tá Kitty ina banríon draig le tuairim is bliain anois, agus tá sí tar éis roinnt mhaith leantóirí dá gcuid féin a mhealladh ar na meáin shóisialta. Ba í a d’eagraigh an chéad seó draig i nGaeilge anuraidh agus úsáideann sí ealaín an draig leis an nGaeilge a chur chun cinn ar na hardáin éagsúla. Tá sí féin agus cara léi, Adelina as an Moldóiv, i mbun an na gcuntas ar Twitter agus Instagram.

“Cloisim go minic ó dhaoine gur ‘bhreá leo [a gcuid] Gaeilge a fheabhsú’, ach go mbaineann gach rud faoin nGaeilge le cultúr na hÉireann. Tá mé féin ag foghlaim cúpla teanga eile, agus nuair a bhí mé ag foghlaim na Spáinnise theastaigh uaim Drag Race España a fheiceáil. Bhí mé ag iarraidh rudaí a raibh spéis agam féin iontu a fheiceáil sa teanga nua. 

“Bhíomar ag iarraidh rudaí bándearga a thabhairt do phobal na Gaeilge. Is píosa spraoi atá sa leathanach, agus cuireann muid suas rudaí ar nós seanfhocal ‘nua’ agus téarmaíocht a bhaineann le rudaí nach bhfeictear mórán sa Ghaeilge – an astralaíocht mar shampla. 

“Bíonn pobalbhreitheanna againn – an ‘Meh nó Te?’ – agus bítear ag vótáil orthu sin. Is breá liomsa na ‘Hot or Nots’ agus na ‘Best Dressed/Worst Dresseds’ i dteangacha eile agus is dóigh liom go gcabhraíonn a leithéid go mór le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Is féidir leo cúpla focal nua a fhoghlaim gach lá,” a dúirt Kitty le NÓS. 

Tá @Ailleagain ar an bhfód le cúpla seachtain anois agus deir Kitty go bhfuil “aiseolas dearfach” faighte ag an mbeirt riarthóirí faoi.

“Dúirt roinnt daoine liom gurb í seo an chéad uair a d’úsáid siad an Ghaeilge le blianta agus go bhfuil spéis acu sna rudaí a chuireann muid suas. Tá cúpla leathanach eile ann ar nós Mhúinteoir Meg a chuireann rudaí faoi chúrsaí faisin ar Instagram agus ceapaim go bhfuil sé go hiontach go bhfuil rudaí mar seo ann anois,” a dúirt sí. 

Tá súil ag Kitty agus Adelina tuilleadh oibre a dhéanamh ar ‘Gaeilge d’Áilleagáin’ amach anseo agus imeachtaí a eagrú nuair a bheidh an saol ina cheart. 

“Tá muid fós ag obair ar an togra agus níl a fhios againn céard a tharlóidh amach anseo. Ba mhaith linn t-léinte agus rudaí mar sin a chruthú, agus beidh téamaí againn ó am go chéile. An mhí seo beifear ag ceiliúradh ‘AAPI Month’ [Asian American Pacific Islander] i Meiriceá. Níl sé ar siúl anseo in Éirinn, ach beidh muid ag caitheamh solais ar dhaoine de bhunadh na hÁise a bhfuil Gaeilge acu an mhí seo,” a dúirt sí. 

Tá Kitty 21 bliain d’aois agus is as iarthar Bhaile Átha Cliath í. Tá sé theanga aici agus tá sí ina banríon draig Gaeilge le bliain anuas. 

Níos mó