Tá ráite ag an BAI nach féidir stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg a bhunú ar FM mar nach bhfuil dóthain spáis ann dá leithéid.
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís raidió ar líne don óige Raidió Rí Rá mar stáisiún náisiúnta FM.
Ach dúirt Príomhfheidmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe, ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna, nach mbeadh a leithéid indéanta.
Dúirt sé ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais, áfach, go raibh sé “mar pholasaí” ag an BAI go mbunófaí seirbhís raidió náisiúnta don aos óig “cosúil le Raidió Rí Rá”.
Ní bheadh an tseirbhís sin ar fáil ar FM go náisiúnta mar go raibh an mhinicíocht sin lán. D’fhéadfaí, áfach, breathnú ar sheirbhís “hibrideach” a bhunú a mbeadh fáil uirthi ar ardáin ar líne agus ar FM in áiteanna, a dúirt sé.
Sula mbunófaí a leithéid bhí “ceisteanna móra” le freagairt faoi chúrsaí tarchuradóireachta agus faoi na costais a bhainfeadh lena leithéid de sheirbhís a rith, arsa Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keefe.
Dúirt sé go raibh grúpa bunaithe ag an BAI chun scagadh a dhéanamh ar an scéal agus go raibh go leor acmhainní á gcur ar fáil chun “an coincheap” a mheas agus chun fáil amach “an féidir é a dhéanamh”.
Tugadh le fios ag an gcruinniú go rabhthas chun taighde neamhspleách a choimisiúnú go luath féachaint cén t-éileamh a bheadh ar a leithéid de sheirbhís agus cén costas a bhainfeadh léi.
Bhíothas ag súil go mbeadh a thuilleadh dul chun cinn déanta i leith na seirbhíse roimh dheireadh na bliana.
Chuir polaiteoirí éagsúla i leith an BAI ag cruinniú an lae inniu go raibh siad ag tarraingt na gcos leis an méid taighde a bhí ar siúl faoin scéal agus go raibh gá le cinneadh.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan go raibh an baol an go mbeadh na daoine óga a chuirfeadh suim ina leithéid de sheirbhís raidió Ghaeilge “fásta suas” faoin am a ndéanfaí cinneadh ina taobh.
Caitheadh cuid mhór den chruinniú coiste dhá uair an chloig a bhí ar siúl inniu ag plé cás Raidió Rí Rá agus ceist na seirbhíse don aos óg.
Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin, a bhí os comhair an choiste chomh maith, gur maith an rud go bhfuil an BAI “ag tacú i bprionsabal” le cás Raidió Rí Rá mar gur “ceist thábhachtach í”.
Pléadh ag an gcruinniú inniu chomh maith an difríocht idir scálaí pá in RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, maoiniú TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an easpa fógraíochta a dhéanann an stát i nGaeilge.