Breitheamh Ard-Chúirte is ea an duine is déanaí le hamhras a chaitheamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime.
Is ina tráchtaireacht ar a cinneadh i gcás a bhain le héileamh ar reachtaíocht a bheith ar fáil i nGaeilge a thagair an Breitheamh Bronagh O’Hanlon don phaindéim Covid-19.
“Ag féachaint ar an áit ina bhfuil cúrsaí i láthair na huaire, táthar ag reachtú Ionstraimí Reachtúla le linn ré phaindéim Covid-19 agus ritheann sé liom go bhfuil leas an phobail i gceist leis na hIonstraimí sin, agus is ait an rud é nach bhfuil siad á bhfoilsiú in éineacht le tiontú Gaeilge,” a dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon.
D’athdhearbhaigh an Breitheamh O’Hanlon ina cinneadh san Ard-Chúirt an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.
Tá aird tarraingthe ag an suíomh seo ar chur chuige an Stáit i leith cearta teanga ó thosaigh an phaindéim agus tá an Rialtas cáinte go minic ag daoine mar gheall ar an easpa fógraíochta agus eolais i nGaeilge faoin Covid-19.
Rinneadh cáineadh géar chomh maith le déanaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh daoine ábalta clárú i nGaeilge don vacsaín in aghaidh an Covid-19.
Nuair a cuireadh ceist ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly faoin teip sin an tseachtain seo, dúirt sé nár thuig sé gurb amhlaidh a bhí agus go bhfiosródh sé an scéal.
An Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, duine de na polaiteoirí is mó a bhfuil aird tarraingthe aici ar theip an stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime, a chuir an cheist ar an Aire Sláinte ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil.
Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur thug an tAire Sláinte le fios di gur shíl sé nach raibh sé “inglactha” nach mbeadh rogha ag duine clárú i nGaeilge do vacsaín.
Dúirt an Seanadóir go raibh sí fós ag fanacht “ar fhreagra ceart” ar litir a scríobh sí chuig Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, ag fiosrú an scéil chéanna.
Dúirt sí nach “rud breise, ach rud lárnach” a bhí sa cheart atá ag duine seirbhísí agus eolas a fháil ón Stát i nGaeilge. Dúirt an Seanadóir go gcaithfí córais nua a chur i bhfeidhm anois sna húdaráis sláinte lena a chinntiú nach dtarlódh sé arís go bhféachfaí ar chearta teanga mar “rud breise”.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill cheana gur léirigh cás na teanga le linn na paindéime Covid-19 go raibh an baol ann gur nuair is “tábhachtaí agus is práinní” an chumarsáid gur lú an seans go ndéanfar an chumarsáid sin i nGaeilge.
Bhí an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh ar dhuine de na daoine eile a labhair amach faoin neamhaird a rinneadh go minic ar an nGaeilge ó thús na paindéime.
Dar leis an Dr Walsh gur léiriú an tslí ar chaith an Stát leis an nGaeilge le linn na géarchéime sláinte “gur stát aonteangach go smior é seo”.