Ross O’Carroll-Kelly le himirt do CLG An Ghaeltacht?
Tá geansaí CLG An Ghaeltacht, cumann peile Chorca Dhuibhne, ar dhroim an charachtair Ross O’Carroll-Kelly ar chlúdach an chéad leabhair eile ó pheann an údair Paul Howard.
Normal Sheeple is ainm don chéad leabhar eile sa sraith cháiliúil ina gcuireann an t-imreoir rugbaí síos, mar dhea, ar eachtraí a shaoil don iriseoir.
Níl cáil na caide ar an gcarachtar ficsin, atá an-bhródúil as an tréimhse a chaith sé ag imirt rugair do ‘Castlerock College’ ag deireadh na 1990idí – go deimhin is minic ‘bog-ball’ le teann dímheasa tugtha aige ar an spórt sa tsraith leabhar, drámaí agus colún atá á scríobh ag Howard le breis agus 20 bliain.
“An tuiscint a bhí agamsa ó m’óige ná gur cluichí iad na cluichí Gaelacha do dhaoine a bhí ródhúr rialacha rugbaí a thuiscint. Is beag a shíl mé go mbeinn i mo laoch peile i gCiarraí lá breá éigin,” a deirtear i mblurba an leabhair nua, a bheidh ar fáil ón 19 Lúnasa 2021.
Roinneadh pictiúr den chlúdach nua, agus RO’CK in éide na Gaeltachta, ar chuntas poiblíochta an charachtair inniu.
Ní raibh cathaoirleach CLG An Ghaeltacht, Dara Ó Cinnéide, ar fáil le ráiteas a thabhairt faoi imreoir nua an chlub.