Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
diultaithe-ag-an-roinn-oideachais-d’eileamh-do-scoil-nua-i-ngaeltacht-chonamara

Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’éileamh do scoil nua i nGaeltacht Chonamara

Tá ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil sé i gceist acu foirgneamh níos mó a chur ar fáil do bhunscoil i nGaeltacht Chonamara.

Phléigh an Seanadóir Seán Kyne cás Scoil Náisiúnta Shéamais Naofa i mBearna sa Seanad ar maidin agus é ag iarraidh ar an Roinn ionad nua a chur ar fáil don scoil.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael go raibh foirgneamh nua ag teastáil de bharr áiseanna na scoile, a tógadh i 1980, a bheith as dáta, agus chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar dhaonra an cheantair.

“Níl [foirgneamh na scoile] suas chun dáta ó thaobh fuinnimh de, toirt na seomraí ranga, leagan amach an fhoirgnimh, srl,” a dúirt Kyne.

Deich seomra ranga atá i Scoil Náisiúnta Shéamais Naofa i láthair na huaire agus 259 dalta ag freastal uirthi.

Mhínigh an Seanadóir Kyne freisin gur chruthaigh gaireacht na scoile don phríomhbhóthar deacrachtaí.

“Tá an scoil suite ar an R336, bóthar an chósta, áit a bhfuil an trácht trom, cosáin chúnga agus gan aon áit sábháilte le dul trasna an bhóthair.”

Dúirt Kyne go raibh suíomh níos feiliúnaí don scoil ar bhóthar Mhaigh Cuilinn, ó thuaidh den bhaile, a bheadh níos sábháilte do dhaltaí agus a spreagfadh iad le siúl ar scoil nó dul ar rothair.

Dúirt an Seanadóir go raibh an scoil páirteach sa scéim aitheantais faoin Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, go raibh an Ghaeilge “lárnach” sa phobal agus gur ceadaíodh plean teanga Bhearna faoin bpróiseas pleanála teanga le gairid.

Mar fhreagra ar iarratas Kyne, áfach, thug an tAire Stáit don Roinn Oideachais, Regina Doherty, le fios gur beag seans a bhí ann go gcuirfí foirgneamh nua ar fáil don scoil.

Dúirt an tAire Stáit Doherty go raibh líon na ndaltaí ar an rolla sa scoil tite 9% le cúig bliana anuas agus go raibh sé tuartha go raibh laghdú le teacht ar an éileamh d’áiteanna i mbunscoileanna sa cheantar sna blianta beaga amach romhainn.

Luaigh an tAire Stáit go raibh maoiniú “suntasach” faighte ag an scoil idir 2009 agus 2012 chun dhá sheomra ranga nua a thógáil agus gur dhiúltaigh an Roinn d’iarratas a rinneadh in 2016 foirgneamh nua ina mbeadh 16 seomra ranga a thógáil.

“Tuigim, a Sheanadóir, gur cuireadh in iúl d’údaráis na scoile nach léir don Roinn go bhfuil foirgneamh nua scoile ag teastáil mar go bhfuil cóiríocht chuí sa scoil le freastal ar a riachtanais sa bhfadtéarma agus ar riachtanais an cheantar pleanála scoile sin. Is é sin dearcadh na Roinne i gcónaí,” a dúirt Doherty.

Dúirt an Seanadóir Kyne go raibh díomá air le freagra an Aire, go háirithe maidir leis na deacrachtaí a chruthaigh an príomhbhóthar don suíomh atá ag an scoil faoi láthair. Dúirt sé nach raibh aon bhealach ann leis an mbóthar a leathnú ná carrchlós a chur ar fáil don scoil.

Mheas an Seanadóir Kyne gur ionad nua don scoil an t-aon leigheas a bhí ar an scéal agus d’iarr sé ar an Roinn Oideachais dul i dteagmháil leis an scoil agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe arís maidir leis an gcás.

Níos mó