Tá an Roinn Oideachais ag iarraidh go mbeadh daltaí scoileanna na gceantar Gaeltachta éagsúil ag tabhairt cuairteanna ar a chéile ionas go gcuirfidís eolas ar chanúintí na Gaeilge.
Sin cuid de threoir nua atá tugtha ag an Roinn Oideachais do scoileanna Gaeltachta faoi conas is fearr a d’fhéadfadh siad obair as lámha a chéile le lucht pleanála teanga, naíonraí agus an pobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Faoin treoir nua, dhéanfadh príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga plean Gaeilge a ullmhú do scoileanna Gaeltachta ag tús na scoilbhliana feasta.
I measc na mbeartas a mholtar a chur sna pleananna Gaeilge tá scéim “malairte cuairteanna” agus “scéim cairde pinn” do dhaltaí sna ceantair Ghaeltachta éagsúla “d’fhonn feasacht a chothú ar chanúintí éagsúla”.
Pleananna Gaeilge do scoileanna Gaeltachta le haontú ag príomhoidí agus oifigigh pleanála teanga
An Roinn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus Údarás na Gaeltachta a d’fhorbair an Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Fuarthas comhairle ó COGG agus na heagraíochtaí Gaeilge atá ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta.
Tá comhairle sa treoir eile a foilsíodh inniu faoi conas is fearr a d’fhéadfadh na scoileanna agus na naíonraí Gaeltachta obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a choimisiúnaigh an dara treoir ar son na Roinne Oideachais –Naisc a threisiú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim.