Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
305-cas-eile-den-vireas-deimhnithe,-breis-is-ceithre-mhilliun-vacsain-dailte

305 cás eile den víreas deimhnithe, breis is ceithre mhilliún vacsaín dáilte

305 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

49 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 16 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt cathaoirleach thascfhórsa vacsaíní an Stáit, an tOllamh Brian Mac Craith, inniu go bhfuil breis is ceithre mhilliún dáileog den vacsaín Covid-19 anois dáilte ar an bpobal.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 211 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

14 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gceithre cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,160,024 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 850,004.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Leo Varadkar. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Níos luaithe inniu, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur beag seans go rachadh an Rialtas i gcoinne chomhairle NPHET maidir le seirbhís faoi dhíon a cheadú i mbialanna agus i dtithe ósta ón tseachtain seo chugainn.

Ach dúirt sé “nach raibh sé dosheachanta” go gcuirfí moill ar an gcead a bhí le tabhairt do bhialanna agus do thithe ósta seirbhís faoi dhíon a chur ar fáil ón 5 Iúil.

Meastar go bhféadfadh an Rialtas maolú na srianta a chur siar coicís nó trí seachtaine. Gheall an Tánaiste go dtabharfaí soiléiriú iomlán faoin scéal do thionscal an fháilteachais tar éis chruinniú Rialtais an lae amárach.

Dáileadh níos mó vacsaíní an tseachtain seo caite ná aon seachtain eile. 350,000 dáileog a cuireadh ar fáil an tseachtain seo de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt Varadkar gur thuig sé an fáth go mbeadh daoine ag moladh fanacht cúpla seachtain eile sula n-osclófaí ar fad na seirbhísí ionas go mbeadh deis ann na vacsaíní iomlána a thabhairt do bhreis daoine, ach dúirt sé nár ghá go laghdódh líon na gcásanna go mór dá bharr sin.

Thagair sé don mhéid a bhí le rá ag an Ollamh Cathal Walsh, ball den Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), ar RTÉ nach laghdódh líon na gcásanna ach 10% de bharr moill ghairid dá leithéid.

Dúirt Walsh gur léirigh na samhaltuithe a bhí déanta go bhféadfadh 1,000 cás a bheith againn faoi dheireadh mhí Iúil agus dá gcuirfí moill coicíse ar na seirbhísí bia agus dí faoi dhíon gur 900 cás a bheadh againn.

Amárach a dhéanfar cinneadh faoi scaoileadh na srianta, agus an cosc ar sheirbhís bia taobh istigh, tráth a bhfuil imní ar dhaoine faoi scaipeadh an chineáil Delta den choróinvíreas.

D’fhéadfadh na hAirí moill coicíse a chur ar an tseirbhís lónadóireachta laistigh rud a d’fhágfadh gur ón 19 Iúil a bheadh cead ithe agus ól faoi dhíon ag daoine, an lá céanna a mbeidh cead taisteal san aer fud fad an Aontais Eorpaigh.

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí anocht chun comhairle a réiteach don Rialtas faoin mbaol níos mó atá ann go dtolgfadh duine an cineál Delta den víreas. Beidh cruinniú ag fochoiste Covid-19 an Rialtais roimh an gcruinniú Rialtais amárach.

Tuairiscíodh nach raibh aon ghlacadh ag an Rialtas leis an réiteach eile a moladh ar an scéal, go mbeadh cead ag daoine a bhfuil an vacsaín ar fad faighte acu dul ag ithe agus ag ól laistigh.

Níos mó