Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
geargha-le-soileireacht-on-roinn-oideachais-faoi-chursai-nua-na-hardteiste-–-ncca 

Géarghá le soiléireacht ón Roinn Oideachais faoi chúrsaí nua na hArdteiste – NCCA 

| Tuairisc.ie | ,

Deir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) go bhfuil “géarghá” le soiléireacht ón Roinn Oideachais maidir le feidhmiú an dá chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach an NCCA, Arlene Forster, sa Dáil inné go bhfuil “ceisteanna sistéamacha” ann maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua T1 agus T2, agus bearta chun daltaí a spreagadh le tabhairt faoin chúrsa is dúshlánaí ar chuid díobh sin.  

“Cé nach bhfuil an NCCA freagrach as cinntí maidir le cur i bhfeidhm an churaclaim, tá an chomhairle an-airdeallach ar an ngéarghá a bhaineann le soiléireacht a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le rogha agus le cúrsaí tacaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí seo, mar aon leis na ceisteanna sistéamacha, ina measc bearta chun daltaí gabháil do T1,” a dúirt sí. 

Bhí Príomhfheidhmeannach an NCCA os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inné, tráth a raibh plé á dhéanamh ar an dá chúrsa nua, T1 agus T2, atá le tabhairt isteach don Ardteist. 

Dúirt Forster gur tháinig “ábhair imní”, “riachtanais” agus “ceisteanna níos leithne” maidir leis na dréachtsonraíochtaí nua, T1 agus T2, chun cinn tríd an phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil ag an NCCA. 

“Cé go bhfuil go leor ag teacht chun cinn maidir le hábhar na ndréachtsonraíochtaí iad féin, tá ceisteanna níos leithne chun tosaigh sa dioscúrsa go dtí seo.” Dúirt Forster gur ceisteanna faoin tréimhse ama a thabharfaí don chomhairliúchán agus  “ceisteanna sistéamacha” den chuid is mó a bhí á lua ag daoine go dtí seo. 

Trí cinn de mholtaí atá déanta go dtí seo chun daltaí a spreagadh le tabhairt faoi T1 – scoláireachtaí tríú leibhéal, áiteanna ar leataobh i gcoláistí agus pointí bónais.

Agus ceist ón Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford Lee, á freagairt ag an Phríomhfheidhmeannach faoi phointí bónais a bheith ar fáil do dhaltaí T1, dúirt Forster nach faoin NCCA a bhí sé cinneadh a dhéanamh maidir le pointí bónais mar nárbh é sin a “sainchúram”. Dúirt sí chomh maith nár iarradh ar an NCCA moladh sonrach a dhéanamh i leith pointí bónais. 

“Cinneadh na Roinne Oideachais” a bheidh ann, a dúirt sí, ach go mbeadh an NCCA “ag scaladh solais” ar an cheist, bunaithe ar an mhéid a thiocfadh chun cinn sa phróiseas comhairliúcháin. 

Ag freagairt ceist ó Chathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, maidir leis an chomhairle a cuireadh ar an Roinn faoi phointí bónais a chur ar fáil don Mhatamaitic, dúirt Forster nár mheas sí go raibh aon bhaint ag an NCCA leis an mholadh sin. 

Tá síneadh ama go dtí mí na Samhna seo chugainn curtha leis an phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil chun “deiseanna breise” a thabhairt do mhúinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí a bheith páirteach sa phlé “tábhachtach” seo, a dúirt Forster. 

“Ba bhreá linn níos mó a chloisteáil ó na daltaí féin,” a dúirt Forster. 

Ag trácht di ar an phróiseas comhairliúcháin, dúirt Forster go raibh an NCCA “an-aireach” ar thionchar na paindéime ar an chomhairliúchán.

Léirigh an NCCA tacaíocht ag cruinniú an lae inniu don éileamh atá á dhéanamh ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge go gcuirfí an t-athbhreithniú ar T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí ar fáil sula dtabharfaí isteach na cúrsaí Ardteiste nua. 

Tugadh le fios chomh maith go gcuirfí tús leis an athbhreithniú sin san fhómhar agus go bhfoilseofaí torthaí an athbhreithnithe ag tús na bliana 2022. 

Beidh tuarascáil chomhairliúchán eatramhach á foilsiú chomh maith ag an NCCA ag tús na bliana seo chugainn, ina mbeidh anailís ar an aiseolas a bhailíodar le linn an phróisis chomhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste. 

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhí os comhair an choiste freisin inné, ag iarraidh go gcuirfí stop iomlán leis an phróiseas a bhaineann le tabhairt isteach na gcúrsáí nua.

Dúirt ceannasaí na heagraíochta, Sorcha Ní Chéilleachair, go gcruthódh an plean do na cúrsaí nua mar atá siad deighilt i bpobal na Gaeltachta agus go mbeadh muintir na Gaeltachta curtha trína chéile acu.

Níos mó