Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-mor-an-mi-adh-gur-tharla-se-ach-ta-miniu-uainn’-–-tomas-o-se-ar-chas-thir-eoghain

‘Is mór an mí-ádh gur tharla sé ach tá míniú uainn’ – Tomás Ó Sé ar chás Thír Eoghain

Tá ráite ag Tomás Ó Sé gur gá do Chumann Lúthchleas Gael míniú a thabhairt ar céard ba chúis leis an ráig den Covid-19 a bhuail foireann peile Thír Eoghain a d’fhág go bhfuil cluiche leathcheannais na hÉireann idir iad agus Ciarraí curtha ar athlá.

Fógraíodh inné go raibh an cluiche, a bhí le himirt Dé Domhnaigh beag seo, curtha siar sé lá go dtí 21 Lúnasa. Rinne Cumann Lúthchleas Gael cinneadh chomh maith go gcuirfí cluiche ceannais peile na hÉireann siar seachtain go dtí an 4 Meán Fómhair.

Tá ráite ag Cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Thír Eoghain, Michael Kerr, go bhfuil an baol ann nach mbeidh Tír Eoghain in ann foireann a chur chun páirce fiú agus seachtain sa bhreis tugtha dóibh. Dúirt Kerr go raibh síneadh coicíse iarrtha acu ar na húdaráis i bPáirc an Chrócaigh chun a chinntiú go mbeadh na himreoirí ullamh don chluiche in aghaidh Chiarraí ach gur diúltaíodh sin dóibh.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt iar-imreoir na Ríochta, Tomás Ó Sé, go raibh sé ceart an t-aon seachtain amháin bhreise a thabhairt do Thír Eoghain.

Ach mheas sé go raibh ceisteanna le freagairt maidir le céard ba shiocair leis na cásanna i measc phainéal na foirne.

“Tá cásanna sa phainéal agus bheifeá ag súil, ar dtús báire, go bhfuil na héinne sábháilte agus nach bhfuil sé [an galar] ró-olc thuas ann ach tá na cásanna seo ag imeacht timpeall agus tá fadhb ag an Chumann Lúthchleas Gael anois,” a dúirt Ó Sé.

“Is mór an mí-ádh gur tharla sé in aon chor ach, is dóigh liom, tá míniú uainn ionas go bhfoghlaimeoidh muid uaidh amach anseo.”

Nuair a bhuaigh Tír Eoghain cluiche ceannais Uladh in aghaidh Mhuineacháin coicís ó shin, bhí ceathrar imreoirí agus comhbhainisteoir na foirne ar iarraidh de bharr an Covid-19. In olcas atá cúrsaí víris imithe i gcampa na foirne ó shin agus é ráite ag Ó Sé go raibh tuairiscí cloiste aige féin go raibh na déaga d’imreoirí Thír Eoghain buailte ag an ngalar anois.

“Ní hé go bhfuilim ag rá go ndeineadar aon rud as slí ach, ionas go bhfoghlaimeoidh muid ar fad ó seo … ní mór a mhíniú i gceart conas ar tharla sé go bhfuair an méid sin daoine seo [an víreas],” a dúirt Ó Sé.

“N’fheadar an dtiocfadh sé ón traenáil. Tá an traenáil á reáchtáil ag chaon fhoireann chomh sábháilte agus chomh ceart. Ní dóigh liomsa go bhfuil aon dainséar ann go dtiocfadh an fhadhb ón traenáil.”

Cé nár mheas sé gurbh í an traenáil ba chúis le ráig Thír Eoghain, dúirt Ó Sé nach raibh daoine, imreoirí idirchontae san áireamh, ag cloí chomh docht leis na srianta is a bhíodh agus dúirt nach dtarlódh seo anuraidh.

Dúirt Ó Sé go raibh sé cinnte go ndearna na foirne uile a bhuaigh craobhacha na gcúigí ceiliúradh de shaghas éigin agus dá mba rud é gur eachtra den chineál sin ba chúis leis an scaipeadh i gcampa Thír Eoghain, go bhféadfadh gurbh é sin ba chúis le cinneadh Chumann Lúthchleas Gael gan an cluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí a chur siar seachtain eile.

“Más rud é go bhfuil tuiscint éigin, agus ní déarfar na scéalta seo amuigh [go poiblí], ag Páirc an Chrócaigh go bhfuil an locht b’fhéidir ar mhuintir Thír Eoghain gur tharla seo, ní dóigh liomsa go dtabharfar an dara seachtain in aon chor dóibh.”

Níos mó