Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gan-ach-5%-de-dhaltai-na-tire-ag-freastal-ar-scoileanna-lan-ghaeilge

Gan ach 5% de dhaltaí na tíre ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge

Tá 5% de dhaltaí na tíre ar fad, idir dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile, ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge, titim ó 5.4% cúig bliana ó shin.

De réir figiúirí a chuir an dá roinn oideachais, ó thuaidh agus ó dheas, ar fáil do Tuairisc.ie, is 62,573 dalta atá ag freastal ar scoileanna lánGhaeilge ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile ar an oileán ar fad.

Fágann sin go bhfuil 95% de dhaltaí na tíre ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla.

In 2016, bhí 60,381 daltaí bunscoile agus iarbhunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus 2,192 dalta sa bhreis ag déanamh amhlaidh in 2020.

Daltaí bunscoile agus iarbhunscoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas

2016 2020
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 60,381 62,573
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile agus iarbhunscoile 1,114,706 1,25,4551
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge 5.4% 5%

Tá 14,890 ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa tír. Is ionann sin agus 2.8% de na daltaí iarbhunscoile ar fad sa tír.Bhí 48,483 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre anuraidh. Is ionann sin agus 6.7% de dhaltaí bunscoile uile sa tír. 7.6% de na daltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre in 2016.

Maidir leis na haonaid Ghaeilge, tá 14,089 dalta cláraithe le haonaid Ghaeilge, a dhéanann gach ábhar nó ar a laghad dhá ábhar i nGaeilge, ar fud na tíre.

Le cúig bliana anuas, is mó an t-ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile atá ag freastal ar aonaid a fheidhmíonn i scoileanna Béarla ná atá in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

In 2016, bhí 12,012 dalta ag freastal ar aonaid in iarbhunscoileanna Béarla agus 13,153 dalta a bhí ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge an bhliain chéanna.

Bunscoileanna na tíre ar fad, thuaidh agus theas

2016 2017 2018 2019 2020
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 47,228 47,947 48,751 48,995 48,483
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile 622,036 729,190 734,239 733,405 726,449
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i mbunscoil lán-Ghaeilge 7.6% 6.5% 6.6% 6.7% 6.7%

Iarbhunscoileanna na tíre ar fad, ó thuaidh agus ó dheas

2016 2017 2018 2019 2020
Líon daltaí ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge 13,153 13,515 14,750 14,404 14,890
*Líon iomlán na ndaltaí ar aonad 12,012 12,324 13,297 13,542 14,089
Céatadán daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge 2.7% 2.7% 2.9% 2.8% 2.8%
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile 492,670 497,953 505,138 516,535 528,102

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais Bláthnaid Ní Ghreacháin go léiríonn an easpa fáis ag an bhunleibhéal “na dúshláin” a bhaineann le scoileanna nua Gaeilge a bhunú.

“Tá Gaeloideachas ag plé le pobail i sé cheantar faoi láthair ina bhfuil féidearthacht go mbunófaí bunscoileanna nua lán-Ghaeilge, ach an toil a bheith ann ón Stát le tacú leo,” a deir sí.

Mhaígh Ní Ghreacháin go mbeadh féidearthachtaí go leor eile ann “dá dtabharfaí rogha cheart do thuismitheoirí maidir le hoideachas a bpáistí agus dá mbeadh cur chuige straitéiseach ag an Stát lena chinntiú go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha go háitiúil do gach páiste”.

Ag trácht di faoin fhás atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar aonad Gaeilge i scoileanna Béarla, dúirt Ní Ghreacháin, nach “soláthar sásúil” atá sna haonaid don Ghaeloideachais.

“Is é an réiteach is túisce a mholann an Roinn Oideachais i gcónaí d’iarbhunscoil nua ná múnla an aonaid (sruth Gaeilge mar chuid de scoil Bhéarla), agus is léir dúinn ónár dtaithí a bheith ag plé leis na haonaid agus le tuismitheoirí nach soláthar sásúil é seo má táimid dáiríre faoin tumoideachas, sa bhunchiall, a bheith ar fáil do dhaltaí iarbhunscoil,” arsa Blathnáid Ní Ghreacháin.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte roimh an “fás leanúnach” atá tagtha ar earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go léiríonn na figiúirí go bhfuil “suim mhór” á cur sa Ghaeloideachas ó thuaidh.

“Léiríonn sé go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis an luath-thumoideachais agus faoin ardchaighdeán oideachais atá ar fáil sna scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur “fearr i bhfad” don Chomhairle go mbunófaí scoileanna lán-Ghaeilge ach go raibh “bearna” á líonadh ag na haonaid Ghaeilge in áiteanna nach raibh aon rogha oideachais lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí.

Níos mó