Ceoltóirí Teaghlaigh: Clann Uí Mhurchú
An tseachtain seo sa tsraith cheoil, ‘Ceoltóirí Teaghlaigh’, bhuail Meon Eile le Clann Uí Mhurchú, teaghlach a bhfuil cónaí orthu ar an Chúil Mhór i gcathair Dhoire.
Labhair Marcas, Caitríona agus Róise linn faoi thábhacht an cheoil sa teaghlach. Cheol siad cúpla amhrán agus sheinn siad cúpla port fosta. Maith iad!