Tá áthas an tsaoil ar thuismitheoir Aoife McManus go bhfuil Islamabad na Pacastáine bainte amach aicí ar eitilt ó Kabul na hAfganastáine.
Ag labhairt do le Tuairisc.ie ar ball beag dúirt a hathair, Ray Mac Maghnais, gur faoiseamh an domhain dóibh é go bhfuil An Afganastáin fágtha aici agus gur chúis cheiliúrtha dóibh an méid sin. “Chuaigh sí ar bord an eitleáin aréir agus d’fhág siad aerfort Kabul le héirí na gréine, tráth go raibh cuirfiú na hoíche thart,” a dúirt sé. Turas uair a chloig a bhí i gceist.
Dúirt Ray Mac Mánais, cé go bhfuil sé féin agus a bhean chéile Jenny fíorshásta agus ag ceiliúradh tá “a gcroíthe briste” dóibh siúd atá sáinnithe fós ansin agus dá muintir atá ag fanacht orthu.
Tá thart ar trí bliana caite ag Aoife McManus i Kabul, áit a raibh sí ag obair i réimse an oideachais. Tugadh gach duine den 27 a bhí ag obair léi slán ón chathair sin ar an eitleán ceanna.
Tá sí ar dhuine de thriúr Éireannach ar éirí leo aslonnú ón Afganastáin ag an tráth seo, a thug an tAire Gnóthaí Eachtrach Simon Coveney le fios. Dúirt sé freisin go raibh Rialtas na hÉireann ag obair le comhghuaillithe ón Aontas Eorpach, ón Bhreatain agus as Meiriceá le tuilleadh de shaoránaigh na tíre seo a thabhairt abhaile.
Dúirt Ray Mac Mánais níos luaithe an tseachtain go raibh “imní mhór” ar an teaghlach faoi Aoife a bheith sáinnithe in Kabul agus í ag feitheamh ar eitleán le bealach éalaithe a thabhairt di.
Dúirt sé go raibh siad i dteagmháil “i rith an ama” le hAoife ar Whatsapp agus ar ghlaonna.
“Ní haon iontas ar bith é nach bhfuil mé féin ná Jenny ábalta codladh na hoíche a fháil agus ní bhfaighidh go dtí go mbeidh sí ar ais in Éirinn i ndáiríre”, a dúirt sé an uair sin.