Ráineodh go líonfar an chéad chúrsa de chéim nua a cuireadh ar bun le leigheas a fháil ar an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie 70 duine a chuir síos mar chéad rogha CAO an cúrsa ‘Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge’ in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath.
Dúirt urlabhraí ó Marino go rabhthas sásta leis an “spéis mhór” atá á cur sa chúrsa nua céime ceithre bliana, cúrsa a mbeidh áit air do 35 mac léinn nuair a chuirfear tús leis an fómhar seo chugainn.
Luaigh 200 iarratasóir eile mar cheann dá gcuid roghanna CAO an cúrsa nua.
Caithfidh aon iarratasóir a mbeadh fonn air nó uirthi áit a fháil ar an gcúrsa céime scrúdú Gaeilge TEG a dhéanamh agus os cionn 50% a fháil ann.
Sheol an t-iar-aire oideachais Richard Bruton an Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Marino Meán Fómhair seo caite.
Dúirt Bruton gur “céim thábhachtach chun tosaigh” an cúrsa nua Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile maidir leis an ngá dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí le Gaeilge líofa.
Tá conradh ocht mbliana, ar fiú €5.5 milliún é sínithe ag an Roinn Oideachais le hInstitiúid Oideachais Mharino chun an chéim, atá ag Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a reáchtáil.
Ag seoladh na céime anuraidh, dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an Dr Teresa O’Doherty, go raibh “géarghá” san earnáil lán-Ghaeilge “le múinteoirí le hardchumas sa Ghaeilge a bhfuil eolas ar leith acu ar an tumoideachas agus a bhfuil an inniúlacht acu ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge”.
Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino go gcuirfí béim sa chéim ar an Ghaeilge, ar an tumoideachas, ar ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge agus ar mhúineadh i scoileanna éagsúla.
Is i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge a dhéanfaidh mic léinn na céime nua a dtaithí múinteoireachta go léir.