Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-ceol-traidisiunta:-buaiteoiri-ghradaim-cheoil-tg4-2021-fogartha

AN CEOL TRAIDISIÚNTA: Buaiteoirí Ghradaim Cheoil TG4 2021 fógartha

Tá buaiteoirí Ghradaim Cheoil TG4 2021 fógartha.

Bronnfar Ceoltóir na Bliana 2021 ar Angelina Carberry ag ócáid bronnta na ngradam, a bheidh ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste Oíche Shamhna mar chuid den cheiliúradh ar 25 bliain de TG4.

Rugadh Angelina Carberry i Manchain Shasana ach tá sí ina cónaí sa Longfort ó bhí na 1990idí ann, áit dúchais a muintire a bhfuil cáil mhór an cheoil orthu.

Ar an bhfeadóg stáin a thosaigh sí amach ach ní raibh sé i bhfad gur thosaigh sí ar an mbainseó, an uirlis ab ansa lena seanathair, Kevin.

Sorcha Costello. Pictiúr: Kelvin Boyes / Press Eye.

Bronnfar an Gradam Ceoltóir Óg na Bliana ar an bhfidléir Sorcha Costello as Tulach in oirthear Chontae an Chláir.

Bronnfar an gradam do Chumadóir na Bliana ar Steve Cooney, an giotáraí aitheanta as an Astráil a tháinig go hÉirinn sa bhliain 1980 agus a d’fhorbair stíl tionlacain ar leith agus é ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Bronnadh an Gradam Siamsaíochta Náisiúnta air féin agus ar Shéamus Begley sa bhliain 1997.

Steve Cooney

Is ar Niall Hanna as Tír Eoghain a bhronnfar an gradam d’Amhránaí na Bliana.

Niall Hanna. Pictiúr: Kelvin Boyes / Press Eye.

Bronnfar Gradam Saoil na bliana 2021 ar an gCorcaíoch Seán Ó Sé, a bhain cáil amach ar dtús mar amhránaí. ‘An Poc Ar Buille’, a chan sé agus a thaifead sé le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann sna 1960idí, an t-amhrán is cáiliúla dá chuid.

Bronnfar Gradam Comaoine na bliana 2021 ar The Glengormley School of Traditional Music.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, go léiríonn Gradaim Cheoil TG4, atá 24 bliain ar an bhfód i mbliana, ómós do dhaoine “a bhfuil an oiread déanta acu ar mhaithe leis an gceol traidisiúnta a thabhairt chun cinn agus a neartú anseo in Éirinn agus ar fud an domhain”.

Is i ndilchuimhne ar Mary McPartland a bheidh searmanas gradam na bliana seo, a dúirt Alan Esslemont.

“Ba í Mary a chuir tús leis an nGradam Ceoil an chéad lá riamh 24 bliain ó shin,” ar sé.

Dúirt Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann go raibh an-áthas ar an gCiste tacú leis na gradaim le ceithre bliana anuas.

“B’iontach an rud é an tseoid cheoil seo i sceideal TG4 a bheith á craoladh beo ó Bhéal Feirste. Ní raibh sé i bhfad gur gnáthimeacht a bhí i nGradaim Cheoil TG4 anseo; thug an seó beo agus an fhéile fringe ardán den scoth do cheol agus do dhaoine cumasacha an Tuaiscirt. Beimid lánmhuiníneach, fad a bheidh an seó deiridh ar siúl ó Bhéal Feirste, go mbeidh lorg láidir ceoil fágtha ina dhiaidh.”

Dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Kate Nicholl gur “imeacht iontach” é a chuireann “ardán ar fáil do scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe”.

Is é seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradaim Cheoil TG4 na bliana 2021:

  • Ceoltóir na Bliana: Angelina Carbery
  • Ceoltóir Óg na Bliana: Sorcha Costello
  • Cumadóir na Bliana: Steve Cooney
  • Gradam Saoil: Seán Ó Sé
  • Amhránaí na Bliana: Niall Hanna
  • Gradam Comaoine: The Glengormley School of Traditional Music [i/nfobox]

Níos mó