Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘taimid-chomh-broduil-as-an-ngrupa’-–-snamh-for-the-soul-bliain-ar-an-bhfod

‘Táimid chomh bródúil as an ngrúpa’ – Snámh for the Soul bliain ar an bhfód

| Slaine Ni Chathallain | ,

Bliain an taca seo is ea bunaíodh an grúpa Snámh For the Soul. Nell Ní Chíobháin agus Enya Sheehy, beirt bhan óga ó Chorca Dhuibhne na cinn feadhna, agus an grúpa ag bailiú nirt ó mhí go mí. Tá an cur chuige ana-shimplí. Bailíonn buíon daoine le chéile ar thránna éagsúla i gCorca Dhuibhne chun dul ag snámh agus bíonn slaghas císte acu ina dhiaidh.

Is minic a thugann daoine smeatháin leo agus roinntear amach iad. Bíonn buidéil uisce te ag imeacht ag daoine sa gheimhreadh, gan trácht ar na Dryrobes. Slí ana-thaitneamhach is ea é chun uair a chloig a chaitheamh agus chun bualadh le chéile.

Bhí stróinséirí ina measc i rith an tsamhraidh, ach is iad muintir na háite is mó a bheidh ag snámh i gCorca Dhuibhne i rith an gheimhridh! Bhí snámh oíche Nollag ar an gceann ba mhó a sheas amach domsa ó cuireadh tús le Snámh For The Soul.  Toisc srianta an víris, caitheadh dhá ghrúpa de cúig dhuine dhéag a chur ag snámh ar Thráigh Bhéal Bán in éineacht. Bhí deoch na Nollag agus seacláidí againn ina dhiaidh, amuigh faoin bhfuacht! Bhí sé go diail agus geaimbí ar na héinne! 

“Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil bliain déanta againn ag snámh timpeall na leithinse. Táimid chomh bródúil as an ngrúpa agus na daoine iontacha go léir atá tar éis teacht ón gceantar agus ó áiteanna eile mórthimpeall na tíre.

“Bíonn gach snámh difriúil, rud a choimeádann an grúpa suimiúil agus baintear taitneamh as i gcónaí,” a dúirt Nell Ní Chíobháin, in agallamh le NÓS.

Amach anseo, deir Nell go dtriailfidh siad imeacht uair sa tseachtain, ach go mbraitheann san ar an aimsir.

Ba é an slua ba mhó a d’fhreastail ar aon cheann dos na himeachtaí, ná tráthnóna amháin le luí na gréine ar Ché an Dúinín. Bhí leathchéad duine ann an oíche ghréine úd.

“Ní raibh éinne tar éis a rá linn go rabhadar ag teacht ach timpeall cúigear nó seisear, agus ní bhacamar leis an firepit fiú. An chéad rud eile thosnaigh daoine ag teacht agus níor stopadar,” a dúirt Nell agus í ag trácht ar an oíche sin.

Is í Tráigh Bhéal Bán is fearr chun éirí na gréine a fheiscint, dar léi. Braitheann an snámh leis, gan dabht, ar an dtaoide. 

“Má tá an taoide lán,  is iad Baile na nGall, Ceann Trá nó Béal Bán is fearr. Má tá sí íseal, is breá linn Bín Bán”, a sí.

Leanfaidh Snámh For the Soul orthu don ngeimhreadh agus is í comhairle Nell “pleanáil don snámh i gcónaí”. 

“Ná téigh i d’aonar riamh. Bí gléasta i gceart, le buataisí, láimhíní agus hata breá te agus bí cinnte seasamh ar thuáille agus tú ag athrú nó rachaidh an fuacht isteach i bharraicíní mura ndéanfair.

“Coimeádann an teocht colainne ag titim ar feadh 20 nóiméad tar éis bheith ag snámh, mar cinntigh go bhfágann tú an t-uisce sula mbraitheann tú an fuacht i do chnámha,” a dúirt sí.

Tá ceiliúradh beag beartaithe ag na gearrchailí chun an bhliain iontach seo ar an bhfód a cheiliúradh. Beidh snámh mar chuid di, ní haon ionadh, agus císte ó bhácús Courtney’s mar aon le mimosa nó dhó! Coimeád suas leo ar na meáin shóisialta má tá tú ar cuairt ar Chorca Dhuibhne agus seans go bhféadfaidh tú Snámh for the Soul ina dteannta.

Níos mó