Seolfar i nGarraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath tráthnóna eagrán speisialta den iris Comhar a dhíríonn ar éigeandálaí na haeráide agus na héiceolaíochta.
An scríbhneoir agus feachtasóir ar son na timpeallachta Anna Heussaff a bhí mar aoi-eagarthóir ar an eagrán speisialta ina bhfuil anailís, filíocht agus gearrscéalta a bhaineann le gnéithe éagsúla den ghéarchéim is mó atá roimh an gcine daonna.
“Ar imeall na faille atá an cine daonna,” a deir Anna Heussaff i dtús a heagarfhocail.
“Tá an aeráid a thugann teas, gaoth is uisce dúinn á cur as riocht ar fad againn agus an dúlra atá mar bhaile dúchais againn á nimhiú, á réabadh is á mhonashaothrú, sinn meallta ag saobhgheallúintí go mbeidh ár gcaighdeán maireachtála ag síor-ardú. Cad is cúis lenár gcruachás agus cén seans go dtiocfaimid slán?”
I measc an 25 scríbhneoir a thugann aghaidh ar an gceist sin agus ceisteanna eile sa mhóreagrán de Comhar, tá Alex Hijmans, Máirín Nic Eoin, Michael Cronin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Peadar Kirby.
Ola Majekodunmi, Ambasadóir Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath, a sheolfaidh an t-eagrán speisialta inniu ag 4pm i nGarraithe na Lus, Glas Naíon.
I measc na n-aíonna speisialta a bheidh i láthair beidh an ceoltóir Inni-K.
Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021