Tá aip nua seolta chun Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile.
Seoladh GaelGoer i mBaile Átha Cliath inniu agus deir lucht a déanta gur cuireadh tús leis an taighde don aip dhá bhliain ó shin.
Agus í i mbun taighde faoi úsáid na Gaeilge, fuair Noreen Breen, duine de bhunaitheoirí GaelGoer, amach gur labhair nach mór ceathrar Gaeilge gach lá le hoibrithe siopa a raibh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge liom’ á chaitheamh acu.
Leanadh leis an taighde agus faoin am go raibh sé críochnaithe ní raibh aon amhras ar Noreen Breen ach go mbeadh an-éileamh ar aip a chuirfeadh cainteoirí Gaeilge in aithne dá chéile agus a thabharfadh deis dóibh an teanga a labhairt.
DataDyne, comhlacht comhairleoireachta teicneolaíochta, a rinne an aip a bhfuil trí mhórghné uirthi.
An chéad ghné den aip ná ‘Lámh Suas’ a thugann le fios duit go bhfuil úsáideoir eile sa chóngar ar féidir teagmháil a dhéanamh leis trí chóras teachtaireachta na haipe.
Tugann ‘Anseo’ le fios duit má tá oibrí i láthair i siopa nó ionad gnó eile atá sásta Gaeilge a labhairt le custaiméirí.
Bíonn eolas ar fáil ar ‘Imeachtaí’ faoi ócáidí teanga.
Baineann Gaelgoer úsáid as teicneolaíocht an gheofhálaithe nó geo-fencing agus is féidir í a úsáid in Éirinn agus thar lear.
Is féidir an chéad leagan den aip a íoslódáil anois agus táthar ag iarraidh ar oibrithe atá sásta Gaeilge a labhairt le custaiméirí clárú le ‘Anseo’. Is féidir le daoine a íoslódálann an aip ócáidí Gaeilge a chlárú ar ‘Imeachtaí’.
Dúirt Noreen Breen, duine de bhunaitheoirí GaelGoer gur baineadh siar aisti nuair a chruthaigh a cuid taighde go raibh deiseanna go leor Gaeilge a labhairt á gcailliúint gach lá aici mar nach raibh bealach ann le haithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile.
“Tá muid ar bís le fáilte a chur roimh mhórphobal labhartha na Gaeilge chuig an ardán seo,” a deir sí.
Dúirt Luke Middleton ó DataDyne, a chruthaigh GaelGoer, go gcabhródh na aip nua leis féin agus le foghlaimeoirí eile. “Tá mé ag iarraidh cur le mo chumas as Gaeilge trí gach uile dheis a thapú lena labhairt,” arsa Luke Middleton.