Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
breis-agus-milliun-euro-sa-tseachtain-a-chaithfear-ar-tg4-in-2022

Breis agus milliún euro sa tseachtain a chaithfear ar TG4 in 2022

| Tuairisc.ie | ,

Caithfear breis agus milliún euro in aghaidh na seachtaine ar TG4 an bhliain seo chugainn.

€4.2 milliún sa bhreis a fógraíodh do TG4 i mbuiséad an lae inné, rud a fhágann go mbeidh breis is milliún sa tseachtain ag TG4 ón stát in 2022.

€4.2 milliún sa bhreis a fógraíodh don tseirbhís teilifíse Gaeilge i gcáinaisnéis an lae inné, rud a fhágann go mbeidh €45 milliún á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4 in 2022.

Má chuirtear san áireamh an bhreis agus €7 milliún a chaithfidh RTÉ ar chláracha do TG4 an bhliain seo chugainn agus an maoiniú a fhaigheann an stáisiún ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann, beidh níos mó ná milliún sa tseachtain á chaitheamh ar an tseirbhís.

€40.7 milliún a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil do TG4 i mbliana agus chuir RTÉ luach €7.4 milliún de chláracha ar fáil don tseirbhís.

Ina theannta sin, rinne an BAI maoiniú ar chláracha don stáisiún faoi na scéimeanna Fuaim agus Fís. Thacaigh Fís Éireann leis an tseirbhís freisin faoin scéim d’fhadscannáin Ghaeilge, Cine4.

Is mar gheall ar a dhualgas faoin Acht Craolacháin gur gá do RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana.

Tugadh le fios i dtuarascáil bhliantúil RTÉ do 2020 gur €7.4 milliún a caitheadh ar na cláracha sin do TG4. €5.5 milliún a caitheadh ar chláracha a rinne RTE féin do TG4 agus €2.06 milliún ar chláracha a choimisiúnaigh RTÉ le craoladh ar TG4.

Bhain beagnach €5 milliún den chaiteachas sin le seirbhís nuachta TG4 a sholáthar.

“Tacaíocht an-suntasach bhreise,” an cur síos a bhí ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar an ardú €4.2 ar bhuiséad TG4 do 2022.

Ghabh sé buíochas leis an Aire Catherine Martin agus an Rialtas as tacaíocht bhreise a chur ar fáil do TG4 don dara bliain as a chéile. €3.5 milliún breise a fuair TG4 i mBuiséad 2021.

“Léiríonn na moltaí a chuir TG4 ar aghaidh inár gcáipéis, Fís tar éis Covid, go bhfuil fís uaillmhianach ag Bord TG4 do na meáin Ghaeilge.  Tá muid ag súil go mór le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a fheiceáil maidir leis an fhorbairt a chaithfear a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Esslemont gur “cúis áthais” do TG4 go raibh “slí bheatha tharraingteach” á cur ar fáil do “glúin nua” atá ag obair in earnáil na teilifíse Gaeilge a bhuíochas do thacaíocht “leanúnach” an Rialtais.

Chuir an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, fáilte chomh maith roimh an €4.2 milliúin breise don stáisiún.

“Ta súil agam go gcuirfidh an maoiniú breise seo le cumas TG4 chun cláracha as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Bogann an maoiniú breise seo an stáisiún níos giorra don sprioc atá acu leis an mhaoiniú chéanna atá ag S4C sa Bhreatain Bheag a bheith acu agus tacaíonn muid leo maidir leis an éileamh sin.”

Níos mó