Tá ráite ag Ceann Comhairle na Dála go bhfuil na deacrachtaí a bhíonn ag Tithe an Oireachais aistritheoirí a mhealladh ag obair ansin ar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil riaráiste ann ó thaobh reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.
Dúirt Seán Ó Fearghaíl, TD, go raibh an tAontas Eorpach in ann pá agus coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint d’aistritheoirí agus go raibh sé deacair ag Tithe an Oireachtais daoine a earcú dá bharr.
Bhí an Ceann Comhairle ag labhairt sa Dáil le déanaí le linn an phlé ar an mBille
Teanga. Mhol Sinn Féin leasú ar an mbille a chuirfeadh dualgas ar Aire na Gaeltachta tuarascáil a réiteach ina leagfaí amach scála ama chun na riaráistí a ghlanadh a luaithe agus is féidir.
Tugadh le fios san Ard-Chúirt níos luaithe i mbliana go raibh thart ar 450 acht ann a bhí ar fáil i mBéarla amháin.
Dhiúltaigh an tAire Stáit Jack Chambers do leasú Shinn Féin agus dúirt gur gnó do Thithe an Oireachtais é gach bille agus Acht a achtú, a chló agus a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Mhol sé d’Aengus Ó Snodaigh, a mhol an leasú, an cheist a ardú le Coimisiún Thithe an Oireachtais.
Is ag an bpointe sin a rinne an Ceann Comhairle iarracht cuid den fhadhb a mhíniú.
“Chun míniú beag a thabhairt do dhaoine, is í an fhadhb is mó ná daoine foirne a earcú do Rannóg an Aistriúcháin. Is é ceann de na príomhfhadhbanna atá ansin ná go bhfuil an Comhphobal Eorpach [an tAE] in ann tuarastal agus coinníollacha i bhfad níos fearr a ofráil dóibh siúd atá cáilithe ná mar atá muidne in ann a dhéanamh anseo,” a dúirt Ó Fearghaíl.
“Ní easpa acmhainne ná toille atá ann ach easpa daoine chun teacht agus an obair a dhéanamh.”
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh sé “ait” go mbeadh an tAontas Eorpach chun tosaigh ar Éirinn ó thaobh reachtaíochta a chur ar fáil i nGaeilge agus gur gá réiteach a fháil ar an gceist “phráinneach” seo.
“Más gá daoine a tharraingt as an Eoraip, tuilleadh airgid a chur ar fáil nó bealach éigin eile a fháil chun iad a chur ag obair anseo, ba cheart go ndéanfaimis é sin.”
Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh Tithe an Oireachtais “á náiriú” ag an Aontas Eorpach ó thaobh reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge.
“Dá ndéanfaí an rud céanna agus a dhéanann an tAontas Eorpach agus leaganacha Gaeilge agus Béarla a chur le chéile agus iad ar fáil ó mholtar an Bille sa chéad dul síos, ní bheadh aon fhadhb ó thaobh riaráistí de mar go mbeidís foilsithe agus achtaithe go comhionann,” a dúirt Ó Snodaigh. “Má dhéileáiltear leis an bhfadhb i dtús báire, ní bheidh fadhb ann ina dhiaidh.”
Rinne Cléireach na Dála, Peter Finnegan, cur síos níos luaithe i mbliana ar na deacrachtaí atá ag Tithe an Oireachtais aistritheoirí a earcú.
Thug sé le fios go raibh ocht gcomórtas d’aistritheoirí cáilithe ag Tithe an Oireachtais le trí bliana anuas ach nár éirigh leo ach duine amháin eile a chur leis an bhfoireann.
Dúirt Finnegan gur 39 duine a theastaigh chun tabhairt faoin obair atá le déanamh, 14 duine breise.
Dúirt sé go raibh baint mhór ag an éileamh atá ag an Aontas Eorpach ar aistritheoirí Gaeilge leis na deacrachtaí agus go raibh cead faighte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe pá níos mó a íoc le haistritheoirí nua agus bhí súil aige go gcabhródh sin le Tithe an Oireachtais daoine a mhealladh.
Thug Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, Vivian Uíbh Eachach, le fios ag an gcruinniú céanna go raibh sé “go mór in éad” leis an Aontas Eorpach as a éifeachtaí is a bhí siad i mbun earcaíochta.
Maidir le cúrsaí pá, dúirt sé go dtosaíonn aistritheoirí Gaeilge an AE ag leibhéal a thógfadh sé bliana ar aistritheoir i dTithe an Oireachtais a bhaint amach.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh “gach ní is féidir” á dhéanamh ag Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean chun na hachtanna nach bhfuil aistrithe a fhoilsiú ach go mbeadh uirthi bille nó acht ceann amháin de na billí nó na hachtanna atá os a comhair a aistriú “gach uile sheachtain idir seo agus 2024 chun na riaráistí a ghlanadh,” gan trácht ar aon reachtaíocht nua.
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur “mór an trua agus an náire é” go raibh ar an bhfreasúra a leithéid de leasú a mholadh agus gur léiriú a bhí sna riaráistí ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge.
“Tá sí ann mar shiombail. Tá sí ann mar ornáid ach níl sí ann mar theanga oifigiúil an Stáit,” arsa Connolly.
Tá reachtaíocht i nGaeilge ina hábhar conspóide i láthair na huaire agus achomharc á dhéanamh ag an Stát faoi orduithe a rinneadh i gcinneadh Ard-Chúirte faoin ngá le leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe dlí a chur ar fáil.
Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála 2018 “míréasúnta”.
D’éirigh sa chúirt le hathbhreithniú breithiúnach Shiobhán Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.
Tá achomharc á dhéanamh ag an Aire Tithíochta agus an tArd-Aighne faoi gach ordú a rinneadh i gcinneadh na hArd-Chúirte.