Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-le-corca-dhuibhne-me-agus-is-e-corca-dhuibhne-a-rinne-duine-diom’

‘Is le Corca Dhuibhne mé agus is é Corca Dhuibhne a rinne duine díom’

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

“Nuacht an Deiscirt ag síorathrú,
Ach bíonn an Triúr Deirféar ina bprapaí dom
Ag deireadh lae”.

Sin dáinín a chumas le linn ceardlann scríbhneoireachta leis an bhfile iontach Dairena Ní Chinnéide, sula dtit an tóin as an saol. Is é a spreag mé chun pinn an uair úd ná a chompordaí is a bhraithim ionam féin agus radharc agam ar an dTriúr Deirféar. Scaoilim leis na haon bhuairt, na haon ábhar trom, na haon chrá croí. Éinne atá do mo leanúint ar Twitter (mo léir), tuigfidh siad go maith faoin dtráth seo cé chomh tógtha is atáim leis an gcuid seo de Dhúthaigh Dhuibhneach toisc an radharc gan cháim atá ó Ché an Dúinín. Is cuma soineann nó doineann, is mealltaí, lá i ndiaidh lae, a fhaigheann dathanna na spéire agus na scamaill.

Le linn na dianghlasála, bhí níos mo ama againn ar fad inár n-aonar agus ní fhéadfainnse a bheith níosa bhuíche toisc gur i gCorca Dhuibhne a bhíos. Bhíos chomh sásta socair. Bhí mo cholainn ar a suaimhneas, m’aigne níosa shuaimhní fós, is gan seacht gcúraimí an tsléibhe orm. Corca Dhuibhne le héirí na gréine, ag snámh ó Ché Bhaile na nGall is radharc soir agam ar Chnoc Bréanainn ársa. Snámh lá eile le luí na gréine ó Ché an Dúinín is an Triúr Deirféar ag ceilt solas an lae orm, beagán ar bheagán. Liginn osna faoisimh agus ghoilinn ábhar. Bhíos ar mo shocracht i slí ná rabhas le fada. Cén áit eile a gheobhainn deis mar seo? 

Anois arís, agus cúrsaí ag feabhsú, tá na seacht gcúraimí orm arís agus an uile dheis á gcruthú anseo ar leic an dorais dom. 

Ag siúl is ag síorshiúl a thugas formhór na dianghlasála. Ag beannú dos na comharsain ar fad, a bhí i mbun na gníomhaíochta céanna. Ba leo mé agus ba liom iad. Na daoine a thóg mé, muintir an Choimín. Dá dtitfinn i laige ansan i lár an bhóthair, thabharfaidís aire dom, díreach mar a dhein Mary Dolores nuair a bhíos ocht mbliana d’aois agus nuair a thiteas de m’rothar lasmuigh dá tig. Thug sí isteach mé, thug sí aire dom agus na fiacla ar fad briste istigh im’ phus.

Is le Corca Dhuibhne mé. Is leis an gCoimín mé ón lá a saolaíodh mé. Ní raibh aon ghuthán tí ag éinne ar an mbaile in 1988, ach muintir Bhaker i mbarra an bhaile. Is orthu siúd a ghlaoigh mo mháthair ón ospidéal, chun an scéal a chraobhscaoileadh go rabhas saolaithe ionas go siúlódh duine des na Bakers chomh fada le tig Nain is Gag i mbun an bhaile chun an scéal a eachtraí dóibh. 

Thóg muintir an bhaile sin mé. Ag bothántaíocht liom im’ ghearrchaile óg, gan guthán póca, gan chíos, cás, cathú, ná féinchoimhlint. Ghlacas liom féin, mar a bhí, mar a dheineann gach aon leanbh. 

Thugadh Micí Chláis ar an bhfeirm ina theannta mé. Dheineadh Mick Baker ceapaire le hím is siúcra dom! Ba chuma faoi mheáchan mar thugaimís ár saol sna goirt is ar na crainn! Bhíodh arán tí Lis Mhaidhc á ithe agam amach as mo dhorn, is scláta mór marmalade air. Bhínn ag imirt leis na magnets a bhíodh ar an bhfridge ag Neil Guithín is á n-athrú timpeall an chuisneora uirthi. Bhí na scórtha ceann aici. 

Aon uair a chífeadh Pádraig Nic mé ag siúl go dtí’n siopa, thugadh sé fiche pingin dom. An fear bocht. Thugainn tamall eile ar an asal, nó an camel, mar a thugadh mo sheanuncail Maidhc air. Seal eile, sa bhóthar caol, a triail ar sweets go Tig an Phoist. Ghlanaimís yard an tSáipéil do Johanna, bean an tsiopa, agus thugadh sí milseáin dúinn as ár ngaisce! Bacon and cabbage déanta ag Nain dom tar éis scoile. Ní raibh trácht ar phasta ná rís.

Oíche anseo is ansúd i dTeach Siamsa, ag foghlaim conas rince a dhéanamh le Jimmy Smith. Cuimhneoidh mé go deo ar double batter, hop back, double batter hop back, cross down, cross down and 1, 2 3, 4. IS iad na rudaí seo ar fad a dhein duine díomsa, is iad a thug muinín dom. Táid le hoidhreacht agam, agus is saibhre mé toisc gur astu a shíolraíos. Táim chomh buíoch go maireas i ré gan ghutháin, gan na meáin shóisialta. Ní ag déanamh seanbhean díom féin atáim, ach ag iarraidh go dtuigfimís, anois, sa nóimeant seo atá againn, gur tábhachtaí i bhfad ár gcomhluadar fisiciúil, ná comhluadar na meán.

Beidh greim go deo agam ar chuimhní geala shaol m’óige mar gan é, agus gan Dúthaigh Dhuibhneach agus an compord a chothaíonn sí, ní bheinn leath chomh sásta. Is ón gceantar seo atáimse cruthaithe, fáiscthe agus ní bhogfad choíche.

Is luí fén bhfód ann, go deo ‘na bhfarradh”.

Níos mó