Tá an dara tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta.
Baineann an tuairisc faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 leis an tréimhse idir mí Iúil 2019 agus Nollaig 2020. Maítear sa tuarascáil go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le cur i bhfeidhm spriocannna an Rialtais i leith na teanga “in ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn ó thús 2020 de dheasca COVID-19”.
Mar chruthúnas air sin luaitear beartais éagsúla atá curtha i gcrích i réimse an oideachais, cur chun cinn an bhille teanga i dTithe an Oireachtais, an córas pleanála teanga, foilsiú an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, líon na bpostanna a cruthaíodh sa Ghaeltacht agus an infheistíocht a rinneadh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.
Den 185 gníomh sa Phlean, bhí 51 díobh le cur i bhfeidhm in 2018-2020 agus maítear sa tuarascáil nua go bhfuil 27 (53%) de na beartais sin curtha i gcrích, go bhfuil 16 acu (31%) ‘idir lámha’ agus go bhfuil moill ar na hocht gcinn (16%) eile.
I measc na ngníomhartha a bhfuil moill orthu, tá an Bille Teanga a achtú agus córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga.
Bhain ceithre cinn de na gníomhartha eile a bhfuil moill orthu le réimse na meán agus na teicneolaíochta. Tá Plean Digiteach don Ghaeilge a bhí le foilsiú in 2018 fós le foilsiú, tá RTÉ fós le haip do leanaí a fhorbairt chomh maith le tástáil a dhéanamh ar thionscadal a d’fhágfadh go mbeadh lucht éisteachta in ann craoladh Gaeilge a léamh agus tá forbairt le déanamh ar thionscadal an ‘Róbóglór’.
Tá moill freisin ar ghníomhartha maidir le dhá phost i réimse na luathbhlianta a chruthú sa Roinn Leanaí chomh maith le feachtas turasóireachta a fhorbairt a bheadh dírithe ar iarscoláirí na gcoláistí samhraidh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeltacht.
Ina ainneoin sin, dúirt an tAire Catherine Martin gur “díol suntais agus misnigh” é gur éirigh leo gníomhartha go leor a chur i gcrích le linn na paindéime.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur “údar sásaimh” dó go bhfuil dul chun cinn “suntasach” le feiceáil sa dara tuairisc seo ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta.
Dúirt sé go gcuirfidh foilsiú na tuairisce seo “ar shúile an Oireachtais, an státchórais, na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an phobail trí chéile an méid atá déanta san 18 mí ó Iúil 2019 go Nollaig 2020”. Dúirt an tAire Stáit go dtugtar léargas maith sa tuairisc “maidir le cá háit is gá le tuilleadh oibre a dhéanamh chun cúram níos fearr a dhéanamh de na bearta úd sa Phlean a bhfuil moill luaite leo”.
Mheas sé go raibh an dul chun cinn a rinneadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, bunú an chiste cobhsaithe i samhradh 2020 chun teacht i gcabhair ar earnáil na gColáistí Gaeilge agus an maoiniú breise a ceadaíodh don Ghaeltacht i bPacáiste Spreagtha Post an rialtais anuraidh i measc na nithe is suntasaí a baineadh amach i dtréimhse na tuarascála.