Glórtha Uladh – Brian Ó Domhnaill
Tá muid ag athchraoladh na sraithe ‘Glórtha Uladh’ faoi láthair, sraith ina bhfuil cuid de na hamhránaithe is iomraití dá bhfuil ann in Ultaibh.
Gach seachtain beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.
An tseachtain seo tá muid i dTír Chonaill agus muid i mbun comhrá leis an amhránaí iomráiteach, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.
Is as Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill do Bhrian agus tá sé ag dul don cheol traidisiúnta agus i mbun amhránaíochta ó bhí ina ghasúr óg.
Chuir Brian suim ar leith san amhránaíocht ar an tsean-nós agus é ag fás aníos, agus ní raibh sé i bhfad gur thoisigh sé ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla ar fud na tíre.
Deir Brian gurb é an sean-nós an caitheamh aimsire is mó atá aige agus go mbaineann sé an oiread suilt as bheith ag cruinniú ceoil agus ag teacht ar shean-amhráin.
Tá bua an cheoil ag Brian gan amhras agus ba dhoiligh é a bhualadh ag canadh leagan Conallach den amhrán clúiteach ‘Róisín Dubh’, mar atá le cluinstin anseo thíos…