Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-chead-pop-up-gaeltacht-le-19-mi-curtha-ar-athlo-de-bharr-covid-19

An chéad Pop Up Gaeltacht le 19 mí curtha ar athló de bharr Covid-19

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Ní bheidh an Pop Up Gaeltacht a bhí le bheith ar siúl sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo ag tarlú de dheasca scaipeadh an víris chorónaigh.

D’fhógair lucht eagraithe na hócáide ar na meáin shóisialta ar maidin go bhfuil siad “croíbhriste” nach mbeadh an oíche shóisialta Ghaelach ar siúl ach nach mbeadh sé “stuama” ná ag teacht leis an treoir maidir le cúrsaí Covid “slua mór” a tharraingt isteach in aon áit amháin.

Fógraíodh an mhí seo caite go mbeadh an chéad Pop Up Gaeltacht ó cuireadh ócáid na Féile Pádraig 2020 ar ceal ar siúl sa teach tábhairne The Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo.

Tá an Cobblestone go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar an scéala go bhfuil sé i gceist ag úinéirí an tsuímh na foirgnimh bhéal dorais a leagan agus óstán a chur ina n-áit. Tá Cobblestone féin faoi chosaint dlí ach níl an láthair caite tobac ná an t-ionad ceoil agus tá imní ann go leagfar iad sin mar chuid den athfhorbairt atá beartaithe.

D’iarr lucht an Pop Up ar Ghaeil na hardchathrach “tacú le tithe tábhairne maithe” go dtí go mbeifí in ann ócáid a reáchtáil arís.

Is “ócáid foinse-oscailte” é an Pop Up Gaeltacht – is é sin le rá gur féidir le duine ar bith in áit ar bith an t-ainm a úsáid agus ócáid dá leithéid a eagrú – aithnítear go coitianta na hoícheanta sóisialta a d’eagraíodh an bheirt fhear go míosúil san ardchathair ina n-ócáidí leathoifigiúla. Reáchtáladh Pop Up Gaeltacht-anna eile, ar-líne agus san fhíorshaol, ó tugadh na chéad srianta isteach 19 mí ó shin, ach seo an chéad ócáid a eagraíodh trí chuntais oifigiúla an Pop Up ó mhí Mhárta 2020.

Bhí Pop Up Gaeltacht mór beartaithe don teach tábhaire Anseo ar Shráid Camden ar an taobh ó dheas de Bhaile Átha Cliath don 13 Márta 2020, deireadh seachtaine na Féile Pádraig, ach d’fhógair Taoiseach na linne, Leo Varadkar, an tráthnóna roimhe sin go ndúnfaí na scoileanna go n-iarrfaí ar dhaoine obair ón mbaile, agus go ndúnfaí na tithe tábhairne ar fud an stáit.

Níos mó