Tá an rialtas chun an scéal go bhfuil treoir tugtha ag Childline gan seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil a fhiosrú, dar le haire rialtais.
Dúirt an tAire Simon Coveney go gcaithfí smaoineamh ar bhealach a bhféadfadh Childline seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach dúirt sé freisin go gcaithfí a bheith an-chúramach go ndéanfaí sin gan cur isteach ar an tseirbhís a chuireann an eagraíocht ar fáil faoi láthair.
Ba é an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh a thug an cás chun cinn sa Dáil agus é ag tagairt do scéal a bhí ar Tuairisc.ie.
Bhain an scéal sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an mBéarla. Dheimhnigh Childline ina dhiaidh sin nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla.
Dúirt Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, sa Dáil nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de threoir.
“Níor mhaith liom ar chor ar bith drochmheas a chaitheamh ar Childline, ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil, is an obair fhíorthábhachtach a dhéantar ná ar na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair ann ach sa chás seo, dúradh le hoibrí deonach gan an Ghaeilge a labhairt le páiste.
“Páiste a ghlaoigh ar Chilldine, a labhair i nGaeilge agus, ar an dea-uair, bhí duine ar an líne a bhí in ann labhairt leis an bpáiste ina theanga/teanga dhúchais. Ní féidir glacadh leis go dtabharfaí treoir d’oibrí deonach gan labhairt leis an bpáiste sin as Gaeilge, teanga dhúchais an pháiste,” a dúirt Ó Cathasaigh.
Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh sé ag lorg tuilleadh sonraí faon scéal ach go gcaithfí a chur san áireamh nach eagraíocht stáit a bhí i Childline, cé go bhfaigheann sí méid áirithe maoinithe ón stát.
“Táthar ag soláthar seirbhís an-tábhachtach agus caithfimid smaoineamh go cúramach ar bhealach gur féidir an tseirbhís a chuireann Childline ar fáil a bheith ar fáil freisin do pháistí gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga.
“Caithfimid é sin a dhéanamh ar bhealach nach mbaineann de chroí-obair Childline agus na glaonna a bhíonn siad ag plé leo go laethúil,” a dúirt Coveney.
Ní hé sin an chéad uair ar pléadh an scéal seo i dTithe an Oireachtais. Níos luaithe an tseachtain seo, chuir Aire Stáit na Gaeltachta a mhíshástacht in iúl faoin scéal.
Agus an Bille Teanga nua á phlé sa Seanad, dúirt Jack Chambers nach raibh sé “sásúil” dó mar Aire na Gaeltachta nach mbeadh seirbhís dá leithéid ar fáil i nGaeilge do chainteoirí óga na teanga.
Bhí Chambers ag tagairt d’áitiú Sheáin Kyne, iar-aire stáit na Gaeltachta, go raibh sé “dochreidte” gur i mBéarla amháin a bhíonn seirbhísí Childline ar fáil.
Cé nach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta é Childline, dúirt an Seanadóir Séan Kyne gur “ábhar tábhachtach” a bhí ann agus gur sampla maith ann “d’easpa tuisceana” eagraíochtaí faoi chás na teanga.