‘Ceangail le Chéile’ ag Comhairle an Iúir
I mí Mheán Fómhair thosaigh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin sraith imeachtaí trasphobail leis na cultúir éagsúla sa dúiche a cheiliúradh.
‘Connect Together, Ceangail le Chéile, Yoke Togither’ is ainm don chlár a dhéanann cultúir na Gaeilge, an Bhéarla agus na Albainise a nascadh le chéile.
Bhí ceithre imeacht ar siúl go dtí seo – ceol, damhsa agus léachtaí ina measc – agus labhair Meon Eile le Louise Smith ó Aonad Gaeilge na Comhairle faoin tsraith imeachtaí, mar aon le roinnt daoine a ghlac pairt iontu.
Beidh níos mó imeachtaí ag teacht aníos mar sin coinnigh súil amach ar na meáin shosiálta faoi choinne tuilleadh eolais.