Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceannaigh-sa-ghaeltacht:-bronntanais-o-thir-chonaill

Ceannaigh sa Ghaeltacht: Bronntanais ó Thír Chonaill

| sean o dubhchon | ,

Is iomaí an rud a tharraing clú agus cáil ar Dhún na nGall thar na blianta:  ceanndánacht pholaitíochta, easpa iarnróid, an diabhal comhadchaibinéad sin, Football Special, Daniel O’Donnell, agus míle is deich rud eile, ach rud amháin atá faoi cheilt ná cruthaitheacht agus nuálaíocht na ndaoine san iarthuaisceart. Deirtear go bhfuil Las Vegas dár gcuid féin againn i gcnoic Dhún na nGall, agus tá pota óir le baint leis an ealaín, ceardaíocht agus dearadh atá ag tarlú ar fud an chontae. 

Tá an Nollaig, agus na brúnna agus dualgais siopadóireachta a thagann leis, buailte linn arís; an dara Nollaig le linn paindéime. Iarrtar orainn fanacht sa bhaile, agus má tá tú i do shuí cois teallaigh ar do ríomhaire nó ar an bhfón, tá seodra luachmhara ar fáil ó ghnóthaí agus ealaíontóirí Gaeltachta Thír Chonaill. Ag ligean orm anois gur mise Oprah Winfrey na nGael, agus mé ag roghnú Oprah’s Favourite Things, seo chugaibh cuid de na hearraí is tarraingtí agus is galánta ó ghnólachtaí agus ealaíontóirí Gaeltacht Thír Chonaill. Tá súil agam go gcuirfidh na féiríní seo ríméad ar bhur ngaolta agus bhur gcairde!


Beanantees 

Is ionann cumhacht na gcailíní agus na hearraí iontacha atá ar fáil ó Beanantees, comhlacht a thosaigh Ciara Ní Ghallachóir agus Lana Nic Aoidh, beirt thréitheach ó Dhún na nGall a chruthaíonn t-léinte, geansaithe agus málaí a bhfuil teachtaireachtaí agus frásaí tarraingteacha i nGaeilge orthu. Tá pearsantachtaí gealgháireacha ag Ciara agus Lana beirt, rud a thagann trasna sna héadaí iontacha a chruthaíonn siad. Ba é sin an rud a tharraing mé i dtreo an ghnó seo agus mé i mbun siopadóireachta anuraidh. Thaitin an t-léine ‘Yas Banríon’ go mór sin liom go raibh orm cúpla ceann eile a cheannach mar bhronntanais. 

Earraí bróidnithe atá i dtáirgí Beanantees agus cuireadh bua bróidnéireachta ag Ciara agus ardscileanna margaíochta Lana le chéile le Beanantees a bhunú. 

Tá siad tar éis dhul ó neart go neart ó chruthaigh siad an chéad t-léine leis an mana ‘Bean an Tí’. Ó shin ar aghaidh tá t-léinte, geansaithe agus málaí déanta acu leis na manaí ‘Derry Girls’, ‘Bród’, ‘Tiocfaidh Ár Grá’, ‘Yas Banríon’ (mo rogha phearsanta féin) agus go leor eile. Cruthaíonn Beanantees faisean ildathach, galánta le coinsias sóisialta. Tacaíonn siad le carthanachtaí éagsúla ar nós Dublin Rape Crisis Centre, The Rape Crisis Network Ireland, Safe Ireland agus Bród na Gaillimhe, agus céatadán ó na hearraí a cheannaítear ag dul chucu. 

Le t-léinte, geansaithe agus málaí Beanantees a cheannach, téigh go www.beanantees.com

Girseach 

Tugann sé ardú croí dom i gcónaí cárta deas lámhdhéanta a fháil sa phost agus tugann na cártaí iontacha ó Girseach an mothúchán pléisiúrtha sin dom. Is iomaí seoid atá ar fáil ó Girseach, siopa ar líne a bhunaigh Eílise, ó Chontae Mhuineachán ó dhúchas, ach atá ag cur fúithi i nDún na nGall anois. Tá an saothar ar fad a dhéanann Eilíse lámhdhéanta agus tá íomhánna de Thír Chonaill i gcroílár na hoibre a dhéanann sí. 

Tá an-éileamh ar chártaí Eilíse agus tá seit nua cártaí deartha aici don Nollaig, leis an Eargail agus an Túr Martello sa Mhachaire le feiceáil ar cuid de na cártaí úra seo.

Ní hamháin go bhfuil réimse iontach cártaí á déanamh agus á díol ag Eílise, ach tá priontaí líonóile agus pictiúir ghalánta á ndéanamh aici chomh maith agus sainchomharthaí aitheanta ar nós an Earagail, Teach Solais Fhánada agus Gleann Bheatha mar ábhar na bpíosaí. Tá rud éigean an-speisialta faoin bprionta a rinne Eilíse de phuifín ar Thoraigh, ar fáil le cúlra fuar gorm nó le cúlra te dearg. Má tá saothar níos pearsanta uait, déanann Eilíse sceitsí uilíoch de thithe ar pháipéar A4. Níl le déanamh ach grianghraf a sheoladh ar aghaidh agus le lasc dá slaitín draíochta, beidh pictiúr fíorálainn déanta ag Eilíse. 

Tá cártaí, priontaí agus pictiúir ó ‘Girseach’ ar fáil ar líne ag www.girseach.com

Donegal Pens

Tá sé doiligh pinn a bhualadh amach mar bhronntanais, go háirithe má tá siad ar ardchaighdeán Donegal Pens, comhlacht a bhunaigh Rónán agus Conor Mac Gairbheith agus iad sna déaga. Is pinn iad seo a choinneoidh tú go deo agus a chuirfidh fonn ort bailiúchán de na pinn a thosú, mar atá déanta agam féin. 

Tá na pinn go léir lámhdhéanta i stiúideo s’acu féin i Loch an Iúir agus adhmad ó chrainn ar nós na darach, an t-iúr, an leamhán, an ológ agus an feá. Tá mionchruinneas i gceist le gach cuid den phróiseas agus roghanna idir pinn gránbhiorach, pinn tobair agus earraí eile.  Os é go bhfuil gach peann cruthaithe go pearsanta, is féidir bosca, maisiú óir nó airgid, agus greanadh a roghnú. Níl a dhath cosúil le bronntanas atá lámhdhéanta, pearsanta ag an gcaighdeán is airde, agus tá obair na gcapall ar siúl ag muintir Mhic Gairbheith leis an chineál seo bronntanas a chur ar fáil. 

Le féirín pearsanta ó Donegal Pens a cheannach, téigh chuig an suíomh idirlíne www.donegalpens.com

Donegal Bog Cotton

Chuir mé féin aithne ar tháirgí Donegal Bog Cotton den chéad uair um Nollaig na bliana seo caite, cé nach bhfuil siad lonnaithe ach trí mhíle ó mo bhaile féin i Machaire Rabhartaigh. Thit mé i ngrá leis an seit táirgí (balsaim bhéil agus maothóirí) a cheannaigh mo dhlúthchara dom, agus tá mé ag úsáid táirgí Donegal Bog Cotton ó shin. 

Tá éileamh mór ar earraí orgánacha veigeánacha agus saor ó chruálacht d’ainmnithe, go háirithe más cosmaidí agus earraí níocháin atá i gceist. Bunaíodh Donegal Bog Cotton le hearraí mar seo a chur ar fáil, agus déantar na hearraí a dhíol i bpacáistí mealltacha in-athchúrsáilte. 

Tá coinnle, gallúnach, balsam béil agus maothóirí i measc na hearraí lámhdhéanta atá ar fáil ón ghnólacht seo, déanta i réimse cumhráin. Tá éifeacht ar leith ag an chadás portaigh agus ag an bhfiúise, agus cuireann na cumhráin úra le caighdeán na n-earraí. Tá earraí aonaracha le ceannach agus is féidir pacáistí speisialta a chur le chéile mar bhronntanais. 

Tá coinnle, gallúnach, balsam béil agus maothóirí lámhdhéanta sa Ghaeltacht ar fáil ó Donegal Bog Cotton ag www.donegalbogcottonco.ie

Ealaín ArtSea 

Bímid i gcónaí sa tóir ar phíosaí ealaíne a sheasann amach agus a dhéanfaidh bronntanas speisialta dár ngaolta agus ár gcairde, agus sin an cineál ruda atá a dhéanamh ag Jenny Doherty lena nEalaín ArtSea gan dabht ar bith. Cuirfidh saothar Jenny faoi gheasa sibh, má tá an tionchar céanna aige oraibh agus a bhí ormsa. Ealaín uilíoch agus bronntanais phearsanta. 

Tá Jenny ag cur fúithi ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus is ansin a bhailíonn sí seodra ó na tránna le píosaí ealaíne a chruthú, le clocha duirlinge agus sliogáin mar bhunchloch na píosaí go léir a chruthaíonn sí. Tá bua na líníochta ag Jenny agus baintear úsáid as áilleagáin mhara le pictiúir chumhachta a chruthú, agus teidil i nGaeilge tugtha orthu. 

Is féidir píosa a roghnú ón chatalóg chuimsitheach atá ag Jenny ar líne, ach déanann sí píosaí coimisiúnaithe chomh maith, má tá saothar níos pearsanta ag teastáil. 

Tá Ealaín ArtSea le feiceáil agus le ceannach ag www.artseaartistry.com  

Ealaín le Nóirín Meenan 

Ní féidir labhairt faoi bhuanna Dhún na nGall gan trácht a dhéanamh de na healaíontóirí agus na péintéirí iontacha atá lonnaithe ar fud an chontae. Áit amháin atá an ealaín go smior sa chúlra ag formhór an phobail ná Toraí. Spreag an t-ealaíontóir Derek Hill muintir Thoraí go mór ó na 1950í ar aghaidh agus feictear a thionchar sa mhéid suntasach péintéirí a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu lena gcuid saothar.

Is ealaíontóir de bhunadh Thoraí í Nóirín Meenan a bhfuil stíl uathúil shuaithinseach aici. Is cuma cén meán atá in úsáid aici, seasann gach pictiúr amach mar phíosa pearsanta speisialta. Tá Toraigh ina fhoinse mhór inspioráide ag Nóirín, rud a fheictear sna pictiúir ghalánta a dhéanann sí de thithe, báid, sainchomharthaí agus pearsana miotaseolaíochta an oileáin.

Bíonn saothar Nóirín a thaispeáint i nGailearaí Dixon ar an oileán, ach is féidir cuid saothar Nóirín a fheiceáil agus a cheannach óna leathanach Instagram @noirinmeenanart chomh maith. Tugann an leathanach blaiseadh iontach den mhéid atá Nóirín ábalta a dhéanamh, agus is féidir píosaí a choimisiúnú uaithi. Tá dúil mhór agam féin sna píosaí a dhéanann Nóirín bunaithe ar shuimeanna agus buanna pearsanta na ndaoine a fhaigheann a cuid pictiúir mar bhronntanas. Tá sraith dhraíochtach déanta aici bunaithe ar an seanscéal miotaseolaíochta Balor na Súile Nimhe. Ach ceann de na rudaí is mó a sheasann amach faoi shaothar Nóirín ná go léiríonn sí áilleacht agus fiántas Thoraí sna radhairc thíre a dhéanann sí den oileán. 

Le pictiúr uilíoch a ordú ó Nóirín, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag a leathanach Instagram @noirinmeenanart 


Mura bhfuil súil sna cosa, bíodh luas sna méara agus sibh ag siopadóireacht don Nollaig i mbliana. Táimid millte san iarthuaisceart ag ardchaighdeán na dtáirgí agus an ealaín atá a chruthú ar fud an chontae. Tacaígí le comhlachtaí agus cruthaitheoirí na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh toradh iontach ar an gcinneadh sin. Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise daoibh go léir! 

Níos mó