Ciarraí agus Corcaigh is measa atá buailte ó thosaigh an Stoirm Barra ag bualadh na tíre seo le moch maidine inniu.
Tá rabhadh dearg stoirme i bhfeidhm don dá chontae go dtí 9pm amárach.
Cuireadh Dún na nGall, mar a raibh sneachta ar na bóithre ar maidin, le liosta na gcontaetha ar fógraíodh stádas oráiste aimsire dóibh, rud a fhágann gur fógraíodh stádas dearg nó oráiste do na seacht gcontae Gaeltachta. Beidh an stádas oráiste i bhfeidhm i nDún na Gall ó 2am maidin amárach go dtí 2pm tráthnóna amárach.
Bhíothas ag tuar gur ag meán lae inniu a bhuailfeadh an stoirm cósta na Gaillimhe agus gur sa Ghaillimh agus i Maigh Eo is láidre a bheidh an ghaoth anocht.
Fiantas farraige i gCorca Dhuibhne.
WILD WILD WILD in West Kerry #StormBarra pic.twitter.com/Zx4abgozj2
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) December 7, 2021
Tá na mílte teach san iardheisceart agus san iarthuaisceart fágtha gan chumhacht ó bhuail an Stoirm Barra talamh na hÉireann ar maidin agus tá tuillte in áiteanna. I gCiarraí agus i gCorcaigh tá busanna curtha ar ceal, oifigí poist, ionaid vacsaíne agus cúirteanna dúnta agus coinní ospidéal curtha ar ceal. Tuairiscítear crainn a bheith tite ar na bóithre.
Tá an ghaoth ag neartú anseo ó dheas agus an stádas dearg i bhfeidhm go dtí’na 9 a chlog anocht. Geataí séidte amach ar na bóithre, smionagar agus blúiríocha de chrainn ar fud na háite, draenacha ag cur thar maoil… fanaíg inti.. https://t.co/8QIQ14sBty
— Nuacht an Deiscirt (@NuachtBnG) December 7, 2021
Tá rabhadh dearg stoirme fógartha do chontae an Chláir ó 4pm.
Tá an stádas oráiste i bhfeidhm go dtí 6am amárach do Ghaillimh, do Mhaigh Eo, Port Láirge, Luimneach agus Loch Garman. Táthar ag tuar nach seasfaidh an stoirm chomh fada ar an gcósta thoir agus ag 1pm inniu a chuaigh an stádas oráiste stoirme in éag do cheithre chontae ar an taobh thoir den tír – an Mhí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus contae Lú.
Beidh stádas oráiste i bhfeidhm do Shligeach agus Liatroim ó 8pm anocht go dtí 8am ar maidin.
Tá na scoileanna dúnta inniu sna contaetha a bhfuil stádas oráiste nó dearg aimsire i bhfeidhm iontu agus tá siad á ndúnadh freisin in áiteanna amhail Dún na nGall.
Tá stádas buí aimsire i bhfeidhm sa chuid eile d’Éirinn go dtí tráthnóna amárach.
I gCorcaigh, cuireadh ar an taifead ag Teach Solais Charraig Aonair siota gaoithe 161 ciliméadar san uair ag 10am agus cuireadh ar an taifead thart ar 6am siota 113 ciliméadar san uair ar Oileán Arcáin.
Iarrtar ar thiománaithe gan tabhairt faoi aon turas nach bhfuil riachtanach agus iarrtar ar mhuintir Chiarraí, Chorcaí agus an Chláir fanacht istigh ina gcuid tithe agus an cósta a sheachaint ar fad.
Sa Ghaillimh, bhí cuid den bhóthar idir an chathair agus promanáid Bhóthar na Trá faoi thuilte nuair a bhuail tonnta arda talamh nuair a bhí sé ina lán mara.
Bhí cuid de chathair Chorcaí agus Thrá Lí faoi thuilte ar maidin ach tuairiscítear nár deineadh mórán dochair.
Agus siotaí contúirteacha á dtuar inniu agus amárach tá rabhadh dearg mara i bhfeidhm ó Charn Uí Néid go Ceann Léime an Chláir go Ceann Léime na Gaillimhe.