Tiocfaidh deireadh le Stoirm Barra in Éirinn inniu ach moltar do dhaoine súil ghéar a choinneáil ar na rabhaidh aimsire agus a bheith cúramach i gcónaí ar maidin.
Beidh scoileanna dúnta arís inniu i gcontaetha áirithe, de réir chomhairle na Roinne Oideachais.
Na contaetha atá i gceist, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Maigh Eo, Baile Átha Cliath, Luimneach, an Clár, Sligeach, Liatroim agus Loch Garman.
Cuireadh Baile Átha Cliath leis an liosta aréir nuair a fógraíodh rabhadh oráiste don chontae, rabhadh a mhairfidh go dtí 7am ar maidin.
Tháinig deireadh aréir leis an rabhadh dearg gaoithe a fógraíodh do Chiarraí, do Chorcaigh agus do chontae an Chláir agus tháinig deireadh ar maidin leis an rabhadh oráiste a bhí i bhfeidhm i gcontaetha áirithe.
Beidh rabhadh buí báistí agus gaoithe i bhfeidhm i ngach contae go dtí 6pm tráthnóna.
Beidh rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i nDún na nGall go dtí 2pm tráthnóna.
Athróidh an ghaoth siar leis an lá agus de réir a chéile síothlóidh sí agus múraíl agus corrscaitheamh gréine a bheidh againn. Beidh sé fuar i gcónaí agus ní ghabhfaidh an teocht níos mó ná trí chéim os cionn an reophointe.
Cósta an Atlantaigh, Gaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo go háirithe, is measa a bhí i mbéal na stoirme aréir agus an ghaoth aniar is aniar aduaidh. Chomh maith leis an stolladh gaoithe, siotaí gála, agus báisteach throm, bhí sé feanntach agus an teocht idir 1 agus 4 chéim Celsius.
Tá téamh beag á ghealladh dúinn ag an deireadh seachtaine.
Ciarraí agus Corcaigh ba mheasa a bhí buailte ó thosaigh an Stoirm Barra ag bualadh na tíre seo le moch maidine inné.
Rabhadh dearg stoirme a bhí i bhfeidhm don dá chontae go dtí 9pm aréir.
Bhí na mílte teach san iardheisceart agus san iarthuaisceart fágtha gan chumhacht ó bhuail an Stoirm Barra talamh na hÉireann maidin inné agus bhí tuilte in áiteanna. I gCiarraí agus i gCorcaigh cuireadh busanna ar ceal, dúnadh oifigí poist, ionaid vacsaíne agus cúirteanna, cuireadh coinní ospidéal ar ceal agus thit crainn ar na bóithre.