Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘fan-glan-ar-na-tastalacha-dna’

‘Fan glan ar na tástálacha DNA’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Chonaic mé alt spéisiúil ar an suíomh seo le deireanas faoin méadú ollmhór atá tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn a d’úsáid an tástáil DNA a chuireann an comhlacht Ancestry ar fáil. Seoladh an togra cúpla bliain ó shin agus is léir go bhfuil muid fiosrach ag iarraidh a fháil amach faoinár n-oidhreacht.

Níl mórán feasa agam ar chúrsaí géineolaíochta, seachas an méid a chuir RCSI iallach orm a fhoghlaim sa gcaoi agus nach dteipfeadh orm i scrúdú, ach leis an méidín beag sin féin, ní thabharfainn oiread Áiméan de mo chuid DNA do na comhlachtaí seo. 

Tá siad ag cruinniú cartlann ó dhaoine ar fud an domhain. Tá daoine ag aimsiú baill teaghlaigh nach raibh fios ar bith acu go rabhadar ann. Ar chostas an-íséal, tá daoine ag fáil go leor, leor eolais géineolaíochta fúthu féin agus gan iad cáillithe chun é a scagadh i gceart. 

Nó, cá bhfios i ndáiríre, go bhfuil an t-eolas atá siad ag fáil cruinn, mura bhfuil dochtúir comhairleach géineolaíochta á dtástáil agus á léamh? Mar shampla, léirigh staidéar amháin a foilsíodh anuraidh san iris Genetics in Medicine go raibh botúin á ndéanamh agus go raibh sé ráite le daoine go raibh sóchán contúirteach ag dul dóibh nach raibh. Cothaíonn sé seo imní gan údar don té a fuair an tástáil. 

Cinnte, tá comhlachtaí mar Ancestry ag dearbhú nach bhfuil an t-eolas á roinnt le haon dream eile. Ach, tá haiceáil á dhéanamh ar na comhlachtaí seo agus tiocfaidh an lá go ngoidfear do chuid eolais, mar tá luach mór air. Níl na comhlachtaí seo ag tairiscint an cineál seo anailíse, ar chostas an-íséal, agus iad ar mhaithe leat. 

Tá margadh déanta ag cuid de na comhlachtaí seo le comhlachtaí móra poitigéireachta. Tá fáil ar chartlann Ancestry ag Calico Life Sciences, mar shampla. Bíonn orthu cead a fháil uait chun do chuid eolais a roinnt, ach cosúil le foirmeacha árachais agus foirmeacha sa mbanc, tá an páipéarachas chomh leamh gur dóigh go bhfuil an cead sin tugtha agat i ngan fhios duit féin. 

Ní féidir a thuar céard atá i ndán sa saol nach bhfuil tagtha fós. Cá bhfios nach mbeidh an t-eolas a fhaigheann tú á úsáid ar bhealach nach rachaidh chun sochair duit féin amach anseo? Má fhaigheann comhlachtaí árachais saoil nó sláinte greim ar an eolas, d’fhéadfá íoc go daor as. 

Tá an iomarca baoil ag dul leis na tástálacha seo. Tá an iomarca eolais á dtabhairt uainn againn, agus níl mórán á bhaint againn. Má tá imní ort faoi ghalair, téigh ag an dochtúir agus labhair leo. Más ag iarraidh a fháil amach an bhfuil gaolta san Afraic agat atá tú, mholfainn duit fanacht fiosrach. Ní raibh mórán imní orainn faoi Facebook agus an méid fáil a bhí acu ar ár gcuid sonraí cúpla bliain ó shin. Níor thuig muid é. Tuigeann muid anois é. Tarlóidh an rud céanna leis na tástálacha seo. Fan glan orthu. 

Níos mó
NÓS | NÓS